Duais Oireachtais 2006 Úrscéal eachtraíochta, lán de theannas is de spleodar. É ag plé le saol samhlaíoch páistí an lae inniu. Gluaisteáin ghasta, cluiche scáileáin agus turais i mórchathracha cáiliúla. Dílseacht cairde, eagla agus misneach. Iad ag tiomáint i gcathair Londan. Luas agus contúirt, naimhde ar a dtóir. Ach go tobann tagann eagla orthu roimh shaol lán de rialacha nach dtuigeann siad. Aoisghrúpa 9–12. Le léamh neamhspleách nó sa seomra ranga. Cuirfidh lucht na ngaelscoileanna suim sa chódmheascadh i mbéal Rio. Brúigh anseo chun sliocht a léamh ar www.beo.ie.
Vortex
Úrscéal eachtraíochta, lán de theannas is de spleodar. (Aois 9-12)
€8.00 €4.00
Níl stoc ar fáil
Meáchan | 100 g |
---|---|
Leathanaigh | 92 |
Foilsithe | 2006 |
Foinse, 12 Samhain 2006
Leabhar do dhéagóirí is ea Vortex atá scríofa ar luas lasrach agus atá lán le haicsean a tharraingíonn an léitheoir óg ó Pháras go Londain agus anonn go Nua Eabhrac. Insíonn Vortex scéal scata déagóirí a thagann ar chluiche ríomhaireachta úr nua. Sa gcluiche seo greamaíonn na déagóirí spéaclaí dá n-aghaidh agus de léim preabann siad isteach sa gcluiche féin. Tarraingíonn an cluiche ar fud an domhain iad agus naimhid ar a dtóir. Tá an leabhar seo le moladh go mór. Ar dtús báire tá an stíl scríbhneoireachta thar a bheith mealltach do dhéagóirí – é ar nós scannán géimiúil. Leabhar lán d’aicsean agus d’ábhar foghlamtha é seo a thaitneoidh go mór le léitheoirí óga.