Rince ar na ballaí

Eachtraí sna hAlpa, sna Himiléithe agus sa Sahára.

10.00

Stoc ar fáil

Cuntas é Rince ar na ballaí ar a chuid eachtraí sléibhteoireachta agus dreapadóireachta sna hAlpa agus sna Himiléithe, agus ar thuras dá chuid sa Sahára le camaill agus conair ársa na ndíoltóirí salainn á leanúint acu. Tá saothar foilsithe ag Dermot cheana féin i mBéarla ach is é Rince ar na Ballaí a chéad leabhar i nGaeilge. Cuntas atá sa leabhar ar a shaol sléibhteora, i stíl shnoite ardcheardúil. Eachtraí a bhain de, daoine a bhí ina theannta, seanchas an tsléibhe, agus a chuid tuiscintí féin ar a cheird agus ar an daonnacht, atá ann agus an t-iomlán fite aige i dtráchtaireacht leanúnach nach bhfuil gann ar an ngreann bearrtha. Creidimid gur sárleabhar é seo ó dhuine de scéalaithe agus de ghuthanna sainiúla na haimsire seo. Tá na carachtair agus na daoine curtha ina steillebheatha aige ar an leathanach ar shlí a bheireann bua ar an scáileán féin. Tá grianghraif Dermot féin sa leabhar mar aon le gluais de théarmaí Gaeilge.

Meáchan 250 g
Leathanaigh

160

Foilsithe

2002

Bill Hannon, Irish Mountain Log, Summer 2003

Is mór is fiú an leabhar seo a léamh. Má tá an Ghaeilge go lag agat iarr cabhair ó do chairde nó beir greim ar fhoclóir. Bhí orm féin dul i muinín foclóra ó am go ham ach d’ainneoin sin bhaineas tairbhe agus taitneamh as. Ní amháin go bhfuil cur síos an údair ar a chuid eachtraí thar a bheith spéisiúil ó thaobh dreapadóireachta de, ach tá léargas suimiúil le fáil ann ar a shaol is a fhealsúnacht phearsanta. D’fhulaing sé “blianta uaignis gan treoir gan éifeacht, ach tochas nárbh fhéidir a shásamh”. Insíonn sé mar a bhain sé triail as reatha trastíre agus subacqua. Bhí sé fiche seacht an chéad uair a chonaic sé dreapadóireacht is a leag sé féin lámh ar “greim glan aille”. Ar an bpointe, láithreach “bhí mé ceangailte leis an gcarraig, diúl do mo lasadh mar a bheadh splanc creidimh i bhfastú ionam”. Ar fheiscint dó na hAguilles bhí sé mar an té atá “splanctha le fís”. Tháinig treo agus aidhm agus gliondar nua ina shaol tar éis sin. Míníonn an t-údar go liriceach an fáth gur thaitin dreapadóireacht chomh mór sin leis. “Tá cuireadh sa charraig do lúfaireachta an choirp, aclaíochta na hintinne, dúshlán is ceiliúradh; tá faoiseamh inti ó chuing na samhlaíochta”. Tá cur síos greannmhar ar a chéad iarrachtaí; teipeanna ónar fhoghlaim sé críonnacht sléibhteoireachta agus tuiscint a cheirde. Ón am a bhfaca sé Éadan Brenva ón Tour Ronde chinn sé ar é a dhreapadh. Do ghnóthaigh sé an Route Major ar an Brenva in éineacht le Calvin Torrans; bhí Emmet Goulding agus Harry O’Brien taobh leo ag triail ar an bPiorra. Bhí a léargas ar a chomrádaithe suimiúil agus báúil. Seo a chuntas ar bheith ar bharr Mont Blanc; “Cuma cén bealach a sroichtear é, tá aeraíocht iontach sa láthair sin, sa radharc mórthíre; amhail is dá mbeifeá ag eitilt nuair a d’osclófaí an doras go ciúin is go bhfágfaí i do sheasamh tú ar mion scamaill”. Níos déanaí bhí eachtraí aige sna Himiléithe, sa Tibéid, agus tá cuntas suimiúil ar thuras san Afraic, sa Sahara le camaill. I 1993 bhí sé ar an fheachtas a cuireadh chun siúl chun barr Everest a bhaint amach ón taobh thuaidh. Léiríonn sé go suntasach a thábhachtaí is a bhí an cur le chéile agus an comhoibriú san fhoireann ar an ócáid sin. Ghlac gach duine lena chúram féin. “Níor tugadh ordú ar bith. Deineadh plé comhpháirteach chun teacht ar chinneadh, ach is ar éigean a bhíodh gá leis”. Molaim an leabhar seo do chách. Gearán beag amháin; cé go bhfuil na grianghrafanna suimiúil ionta féin, tá a gclóidearacht go dona.

Seans gur spéis leat...