Sladmhargadh!

Hóng

6.00

Stoc ar fáil

Buaiteoir Gradam Leabhar Pháistí na hÉireann, Gradam Speisialta na Moltóirí 2013

Nuair is cluiche contúirteach é an saol…

Úrscéal mistéire agus eachtraíochtado léitheoirí in aois 10-14

Tá brón orm. Tá eagla orm. Cabhraigh liom…

Is cluiche iontach é Hóng, a imríonn Evan ar a ríomhaire an t-am ar fad. Ach tá imreoir eile, Yin, ag impí air cabhrú léi. Cé hí Yin agus cén fáth go bhfuil eagla uirthi – ní istigh sa chluiche, ach sa saol mór? Conas a chuirfidh Evan, a chara Rio agus a dheirfiúr Síofra stop le gnó salach in Éirinn agus i gcéin?

Beidh léitheoirí óga ag casadh na leathanach ó thús go deireadh.

Tá an leabhar seo ar fáil ar lascaine do scoileanna. Seol r-phost chugainn ag lisa@cic.ie le fiosrúchán a dhéanamh.

Gradaim Leabhar Pháistí na hÉireann, Tuairiscí na Moltóirí: Lonnaithe in Éirinn na haoise seo, is scéal ar leith é seo ina bhfuil eachtraíocht, cluichíocht agus teicneolaíocht, cairdeas agus mistéir fite fuaite lena chéile. Is leagan údarach, fíréanta é seo de shaol an óige in Éirinn inniu ina bhfeicimid Gaeilgeoirí déagóra ag dul i ngleic le domhain an Bhéarla.

Léigh sliocht as an leabhar

Meáchan 100 g

Is scéal eachtrúil agus bríomhar é Hóng, scríofa ag Anna Heussaff, faoi chluiche ríomhaireachta agus faoin dáinséar atá ann d’imreoirí an chluiche Evan agus Rio. Dá mbeadh suim ar bith ag léitheoir óg i gcluichí ríomhairí, bheidís an-tógtha leis an tseoid seo. Ach tá níos mó ná cluichí ríomhaireachta i gceist anseo, tá neart eolais ann faoin tSín agus faoi chúrsaí cairdis, agus faoi chúrsaí clainne ar ndóigh. Is léir gur aithin na moltóirí an méid seo nuair a bronnadh ‘Judges Special Award’ air ag Gradaim Leabhar na Bliana CBI 2013 i mbliana. Is leabhar den scoth é. D’oirfeadh an scéal eachtrúil seo do pháistí ó dheich mbliana d’aois ar aghaidh. Tá gluais ar chúl an leabhair chun cabhrú leis an bhfoghlaimeoir óg. Choinneofaí suim an léitheora ó thús go deireadh an scéil.
Inis, iris Children’s Books Ireland, Leabhair Mhór-Éilimh 2013, le Laoise Ní Chléirigh