Níl stoc ar fáil

Éagóir

Insint líofa léir atá in Éagóir ar eachtra staire atá greanta go glé fós i ndaonchuimhne an phobail lenar bhain sí.

E-Leabhar ar fáil. Féach an nasc thíos. / E-Book available. See link below.

15.00

Níl stoc ar fáil

[flipbook-popup id=”eagoir”]

Léigh sliocht as an leabhar >>

[/flipbook-popup] Gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2017 Insint líofa léir atá in Éagóir: Maolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna ar eachtra staire atá greanta go glé fós i ndaonchuimhne an phobail lenar bhain sí. Baineann croí an scéil le crochadh éagórach agus príosúnú saoil ar dhaoine neamhchiontacha bunaithe ar fhianaise bhréige, ar bhrathadóirí, agus ar mhímhacántacht na n-údarás agus na n-uaisle. Dúnmharuithe barbartha i ndorchadas na hoíche i bpobal iargúlta i nDúiche Sheoighe, ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo, sa bhliain 1882, a thionscain na himeachtaí uile. Níl críoch fós le hiarmhairtí an tsléachta sin agus ní bheidh fad a mhaireann daoine a chreideann go bhfuil admháil oifigiúil tuillte i gcónaí i gcás go n-aithnítear éagóir dhlíthiúil nó iomrall ceartais. Insint úrnua í seo ar iomlán an scéil le pictiúir stairiúla agus taifid oifigiúla nár foilsíodh cheana i bhfoirm leabhair. Tá maoiniú faighte ag comhlacht léiriúcháin ROSG chun scéal Éagóir a dhéanamh ina scannán do TG4, le tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann: Murdair Mhám Trasna.

Meáchan 250 g
Foilsithe

2016

Stiofán Ó Cadhla, Léachtóir Béadoidis i gCosáilte na hOllscoile Corcaigh, in Béascna 2017

Ríomhann Seán Ó Cuirreáin gach cor agus gach casadh sa scéal go foighneach. Tá ana-láimhseáil déanta ar théarmaíocht an dlí aige, rud a fhágann an leabhar soiléir soléite…Leabar greamastúil corraitheach suimiúil lommhacánta é seo.

John Walsh, Léachtóir Sinsearach Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Stíl ghonta, sholéite an iriseora a chleachtar ó thús deireadh agus ropann an léitheoir ar aghaidh ó leathanach go leathanach dá bharr sin. […] Is sárleabhar ar fad é a mbaineann tábhacht mhór leis ní hamháin ó thaobh na staire ach ó thaobh cearta teanga chomh maith.

Léigh an léirmheas ar fad ar Tuairisc.ie anseo.


An Códú, Ar a bhlag.

Uaireanta cuireann stíl na scríobhnóireachta isteach ar an rud atá á rá ag udar ach uaireanta eile éiríonn le h-údar leabhair le h-éascaíocht léimh áirithe a scríobh. Sin mar atá sé leis an leabhair seo. Bíonn tú gafa ag an scéal. Ceannaigh an leabhar seo agus léigh é!

Léigh an léirmheas ar fad anseo.


Pól Ó Muirí, ag scríobh san iris Comhar (Iúil 2016).

Níl histéire ar bith ag baint leis an scéal seo ag Ó Cuirreáin. Is é atá stuama i mbun na hinste. Is é a chuireann fíricí agus tuairimí os comhair an léitheora go macánta. Cuireann sé i gcuimhne dúinn go raibh mórán daoine in Éirinn beo bocht an t-am sin. Déanann muid dearmad de sin, nach ndéanann, muidne glúin na hollscoile? Cuireann sé i gcuimhne dúinn gur fearas don fhear saibhir a bhí sa dlí agus gur chuir an duine bocht tuaithe a mhuinín sa lámh láidir. (Níl dlí ar an riachtanas). Cuireann sé i gcuimhne dúinn nach bhfuil barraíocht eolais againn ar ár stair. A mhalairt. Tá dearmad déanta againn ar chuid mhór di agus is mór an náire dúinn é. Leabhar thar a bheith luachmhar atá anseo. Léitear é. Tugann an leabhar seo léargas eile ar an tír sna blianta sin roimh an Éirí Amach agus an Somme.