Níl stoc ar fáil

Dúnmharú sa Daingean

Cailleann Saoirse a grá geal, a post agus a hárasán agus tréigeann sí Baile Átha Cliath chun faoiseamh a lorg i gceantar iargúlta i gCorca Dhuibhne.

10.00

Níl stoc ar fáil

Nuair a chailleann Saoirse a grá geal, a post agus a hárasán, tréigeann sí Baile Átha Cliath chun faoiseamh a lorg i gceantar iargúlta i gCorca Dhuibhne. Cromann sí ar shaol nua a chruthú di féin … ach ní suaimhneas a aimsíonn sí ach rúndiamhra dorcha nuair a théann sí ar thóir an dúnmharfóra.

Meáchan 250 g
Leathanaigh

235

Foilsithe

2000

Cuireann an Duibhneach síos ar shaol Shaoirse go ceanúil tuisceanach magúil. Is iontach an méid grinn atá sa leabhar seo, tríd síos, greann sóisialta, greann éadrom, aoir chiúin faoin chaoi a gcaithimid ár saol anois. Cé gur úrscéal éadrom é seo, éiríonn leis an údar méar a leagan ar bhaois an tsaoil mar a dhéanfadh drámadóir amhail Moliére nó Wilde. …measaim gurbh é seo an chéad leabhar Gaeilge le fada an lá ar fhan mé i mo shuí lena chríochnú, agus an tine ag dul in éag agus an seomra ag dul i bhfuacht. De réir a chéile, cuid mhaith ar an dóigh chéanna, méadaíonn ar an fhuacht, ar an eagla, ar bheophianadh an léitheora…
Gréagóir Ó Dúill, Foinse, 15/10/2000