Níl stoc ar fáil

Cailíní beaga Ghleann na mBláth

Úrscéal taitneamhach é seo a phléann le ceisteanna móra: an chothromaíocht idir an saol oibre agus cúraimí clainne, angst déagórach, anbhuaine an tsaoil agus ról na cuimhne mar luibh leighis. A lively novel dealing with serious issues: the work/life balance , teenage angst, insecurity and the healing power of memory.

7.50

Níl stoc ar fáil

Iriseoir aitheanta is ea Máire. Tá sí pósta ar Mhuiris, ailtire agus duine lách, agus tá beirt déagóirí acu atá idir chliste agus aoibhinn. Ansin nuair atá gach rud i gceart i saol Mháire, go tobann imíonn rudaí ó rath agus titeann an t-idéal as a chéile. Tosaíonn Máire ag cuimhneamh siar ar shaoire a chaith sí ar choláiste samhraidh nuair a bhí sí óg, saoire a gheall sonas di … ach ní mar sin a thit sé amach. De réir a chéile snámhann na cuimhní folaithe chun barra. Ní mór do Mháire a cuid cuimhní folaithe a thabhairt chun solais chun an t-am atá thart – agus a saol féin mar atá anois – a thuiscint i gceart. Úrscéal taitneamhach é seo a phléann le ceisteanna móra: conas cothromaíocht a chruthú idir an saol oibre agus cúraimí clainne, angst déagóra, agus anbhuaine an tsaoil. Thairis sin ar fad, scrúdaíonn sé ról na cuimhne mar luibh leighis. Toghadh Éilís Ní Dhuibhne mar bhall den Aosdána. Tá cáil nach beag bainte amach aici mar scríbhneoir ildánach a chleachtann idir Bhéarla agus Ghaeilge. Is é Cailíní Beaga Ghleann na mBláth an dara húrscéal Gaeilge dá cuid a d’fhoilsigh Cois Life. Cuireadh an tríú cló ar an gcéad cheann Dúnmharú sa Daingean éacht neamhghnách i gcás úrscéal ar bith i nGaeilge.

Meáchan 250 g
Leathanaigh

180

Foilsithe

2003

Tá clúdach dorcha ar an leabhar seo ach is seoid lonrach é. Ligfidh tú osna shásaimh nuair atá an leabhar seo léite agat, sin an saghas leabhair atá ann. Tá dhá scéal á insint anseo faoin duine céanna, Máire Ní Bhraonáin, cailín beag naoi mbliana d’aois, agus bean leathchéad bliain d’aois. Ar bhealach éigin tá an dá scéal fite fuaite ina chéile ach ní thagann na snáthanna uile le chéile go dtí go dtarlaíonn stoirm mhillteanach a chuireann aláram an tí ag bualadh i lár na hoíche de dheasca gearradh cumhachta. Is é an bua is mó atá ag Éilís Ní Dhuibhne sa leabhair seo ná go n-éiríonn léi an scéal a chur os ár gcomhair trí chur síos a dhéanamh ar mhioneachtraí agus ar mhionimeachtaí laethúla. Cuireann muid aithne ar na príomhcharachtair tríd an chaidreamh a bhíonn acu leis na mioncharachtair. Ní mioneachtraí agus mioncharachtair amhán atá sa leabhair seo, áfach, nó go tobann, tarlaíonn uafáis gan choinne agus tagann athruithe móra ar shaol Mháire. Tuigeann an scríbhneoir seo an dóigh le preab a bhaint as an léitheoir agus déanann sí go healaíonta é, le scríbhneoireacht álainn. Braithim thar a bheith sásta go bhfuil an leabhair seo léite agam nó seo léitheoireacht spreagúil thaitneamhach. Chuir an leabhar an-dea-ghiúmar orm.
LÁ 30 Iúil 2003

Is é Cailíní Beag Ghleann na mBláth an teideal atá ar úrscéal nua de chuid Éilís Ní Dhuibhne, scríbhneoir ildánach agus údar an úrscéil an-rathúil Dúnmharú sa Daingean. Insíonn an leabhar scéal Mháire, iriseoir aitheanta gan mórán ama leis an chócaireacht a dhéanamh sna laethanta seo. Tá sí pósta le Muiris, ailtire agus duine lách. Tá beirt dhéagóir chliste aoibhinn acu, agus cuma sona sásta ar an saol. Ach go tobann imíonn rudaí ó smacht, nuair a smaoiníonn Máire siar ar shaoire a chaith sí ag coláiste samhraidh nuair a bhí sí óg. Bogann an scéal idir na rudaí atá ag titim amach sa teaghlach anois, agus na cuimhní folaithe atá ag teacht ar ais chuici. Pléan an t-úrscéal seo le ceisteanna móra a chuireann isteach ar a lán daoine sa lá atá inniu ann: conas cothromaíocht a chruthú idir an saol oibre agus cúraimí clainne, fadhbanna déagóracha, agus anbhuaine an tsaoil.
Liz Curtis Irish Post 9 Lúnasa 2003.

Mar a bheifeá ag súil scéal measartha simplí atá ann. Is iriseoir í Maire, í pósta ar Mhuiris, ailtire, agus beirt pháistí acu, Dara agus Emma. Ní sona atá siad mar theaghlach. Tá lionn dubh ar Emma; leanann cantal an déagóra de Dhara; agus tá éad ar Mhuiris de bharr nach bhfuil sé chomh rathúil lena bhean féin. Is é Angst meánaicmeach croí an scéil – an imní sin nach rachaidh na páistí chun na hollscoile nó nach mbeidh an pasta al dente. Tarlaíonn eachtra amháin do Mháire agus í ina déagóir sa Ghaeltacht a leanann di ar feadh a saoil. Is iarracht í sin ar dhoimhneacht éigin a chur sa saothar ach níl mothúcháin na gcarachtar chomh cráite sin nach dtuigfidh an léitheoir cad atá ar siúl. ‘Sé cuspóir an fhiontair an léitheoir a choinneáil ag léamh agus éiríonn le Ní Dhuibhne sin a dhéanamh i dteanga thar a bheith bunúsach. X-ghathú den teanga atá déanta aici – is léir cnámha an choirp ach níl feoil ar bith air. Ní peaca ar bith é sin sa chás seo. Léitheoireacht liteartha seachas litríocht atá i gceist. Tapaíonn sí an deis cúlra an choláiste samhraidh a úsáid le habairtí Béarla a chur sa scéal ar bhealach iontach cliste – caint rúnda na gcailíní agus iad as éisteacht múinteoirí agus litreacha abhaile. Cuideoidh a leithéid leis an duine nach léann go minic, cloí leis go deiridh.
Tuarascáil, Irish Times, 25/06/03