50%
Lascaine

Bás tobann

Úrscéal mór-ráchairte a mheallann an léitheoir le mistéir…

15.00 7.50

Níl stoc ar fáil

Aistríonn teaghlach ó Bhaile Átha Cliath go dtí teach ar chósta an iardheiscirt chun a saol a thosú as an nua agus gnó turasóireachta a bhunú i mBéarra. Músclaítear fiosracht na mná, Aoife, nuair a thagann sí trasna ar scéal tragóideach in ailt nuachtáin sa teach. Múinteoir óg sa cheantar a maraíodh tamall de bhlianta roimhe sin, nuair a thit sí le faill. Má thit. Glacann scéal an nuachtáin seilbh ar Aoife diaidh ar ndiaidh, de réir mar a thagann cúiseanna amhrais is uafáis faoi chun solais. Ach tá contúirtí i ndán di agus í ag dul i ngleic leis an iniúchadh; agus i ngan fhios dá fear céile, Pat, tá bagairtí eile ag méadú ar a ngrá pósta. Seo é an chéad úrscéal ag Anna Heussaff. Is as Baile Átha Cliath di. Tá taithí fhada aici mar scríbhneoir, mar thaighdeoir agus mar léiritheoir/stiúrthóir ar chláir raidió agus teilifíse. Tá an leabhar seo as cló anois.  

Meáchan 100 g
Leathanaigh

234

Foilsithe

2004

Seo an chéad úrscéal ó Anna Heussaff. Bhuaigh sí an chéad duais sa rannóg don bhFicsean Éadrom i gComórtas Liteartha an Oireachtais na bliana seo caite. Seo an chéad leabhar go bhfios dhom, faoi fheiniméan na ‘nua-aistreoirí’, sé sin na daoine a tréigean an chathair a mhaithe le saol nua a thosú faoin tuath. Agus an t-úrscéal seo a léamh agam, rith sé liom go raibh macallaí an úrscéil ‘Aistriú’ le Siobhán Ní Shúilleabháin faoin aistriú go Contae na Mí thiar sna Tríochaidí le sonrú ann. Lánúin phósta iad Aoife agus Pat, a aistríonn ó Bhaile Átha Cliath go leithinis Bhéarra. Beirt chlainne orthu, Sal agus Rónan. Seanteach mór ceannaithe acu agus iad ar a ndícheall á mhaisiú. É i gceist acu gnó turasóireachta a bhunú, gnó ina mbeadh áit lárnach ag an timpeallacht áitiúil ann. Cuirtear faor ar ár ngoilí ón gcéad leathanach, áfach, nuair a aimsíonn Aoife giota de shean-nuachtán áitiúil i gcúl chófra ina bhfuil grianghraf de bhean óg agus alt fúithi. Múinteoir óg bunscoile ba ea í a maraíodh (nó a dúnmharaíodh) nuair a thit sí le faill i ndiaidh bainise thiar i 1986. Tugann Aoife suntas don alt agus don ghrianghraf agus dírítear a haire go huile is go hiomlán ar an rud nuair a fheiceann sí go bhfuil líníocht/scríbhneoireacht déanta ag duine éigin ar imeall an ghiota nuachtáin.

Ón bpointe seo ar aghaidh gluaiseann an t-úrscéal seo ar dhá leibhéal. Ar leibhéal amháin tá Aoife agus a cúram ag iarraidh socrú isteach sa sochaí nua ina bhfuil siad. Ar leibhéal eile tá Aoife ar a dícheall ag fiosrú an dúnmharaithe, ag iarraidh eolas a bhailiú i dtaobh na mná óige agus mar sin de. Ar bhealach tá an dá phlota ar chomhchéim ó thaobh ár suime sa scéal dhe. Éiríonn le Heussaff sinn a bhreith ina teannta ar a haistear casta. Céim ar chéim tá an fiosrú atá á dhéanamh aici ar bhás an mhúinteora óig ag neartú is ag forbairt de réir mar a ghluaiseann an t-úrscéal ar aghaidh. Cé atá ciontach? Cé hé/hí an dúnmharfóir?

Tugtar léargas dúinn freisin ar shochaí tuaithe ag tús na Mílaoise nua agus na hathraithe atá tagtha uirthi. Coinnítear aird an léitheora an t-am ar fad is ní scaoiltear an greim go dtí go mbíonn deireadh déanta. Déantar na carachtair go léir sa leabhar a mhúnlú is a fhorbairt go healaíonta is tugtar spléachadh nach beag dúinn ar shaol an cheantair. Tá an scríbhneoireacht ar fheabhas agus tá an-ghluaiseacht faoin scéal. Éiríonn le Heussaff atmaisféar na háite agus rithim an phobail áitiúil a aimsiú gan stró ar bith Tá an ‘dénouement’ ag an deire an-cumhachtach agus an-chliste. Ar an iomlán isi úrscéal den scoth é seo ina fheicimid togha na scríbhneoireachta. Is fiú go mór é a léamh is níl dabht ar bith i m’aigne na go leanfaidh Anna Heusaff ar aghaidh ag scríobh mar is scríbhneoir ó dhúchas atá inti.
Mícheál Ó Ruairc Feasta Márta 2005

De ghnáth bíonn a fhios agam sna chéad chúpla leathanach cé acu atá maitheas nó fiúntas ag baint le leabhar, an éireoidh leis an údar mé a choinneáil ceangailte leis an scéal, mo shuim a choinneáil múscailte ina c(h)uid focal. Caithfidh mé tuairisc a thabhairt ar Anna Heussaff agus a céad leabhar. Ar éirigh léi mé a choinneáil? D’éirigh léi. Tharraing sí ar shiúl amháin ó theach comharsan mé: “caithfidh mé imeacht; tá leabhar le léamh agam!”

Ní áibhéil ar bith sin. Ní hé go raibh an gorta léitheoireachta sin a bhí á fhulaingt agam chomh holc sin agus go mbeinn ag léamh pacaí tae agus treoracha ar innealra, ach bhí suim agam sa mhéid a bhí scríofa ag Heussaff. Chruthaigh sí saol ar an leathanach, ní amháin go mbaineann sí úsáid as áiteanna inaitheanta ar leithinis Bhéarra i gCo Chiarraí, ach tá áiteanna cumtha aici óna samhlaíocht féin, seift mhaith do scríbhneoir ar bith ar mhaith leis nó léi cuairt a thabhairt arís ar an áit a scríobhann siad fúithi. Thug sí dúinn áiteanna agus suímh a bhí inchreidte agus ansin chuir sí daoine ina gcónaí iontu.

Teaghlaigh agus comharsana; saol an ghnáthlae á ríomh aici. Fadhbanna agus constaicí á gcur os ár gcomhair. Teaghlach cathrach bogtha anuas agus aistrithe siar go Béarra, teach ceannaithe acu agus lánúin ag iarraidh gnó a bhunú ann, teach aíochta agus pacáiste siúlóide sléibhe agus cósta a chur ar fáil. Athrú iomlán saoil don chlann. Gnáthscéal, tarlaíonn sé i ngach baile in Éirinn. Ach taobh le taobh leis an scéal uile lae seo, chum an scríbhneoir scéal eile as an ghnáth, dúnmharú, caimiléireacht, uisce faoi thalamh.

Tá daoine á gcur i láthair aici nach bhfuil an tsoineanteacht chéanna ag baint leo agus a mheasfá nuair a bhuaileann tú leo an chéad uair. Daoine iad seo atá cruthaithe aici a chaith a saol ar fad beagnach ina gcónaí i gceantair beag tuaithe. Tá pobal bunaithe aici, leis an mhaith agus an olc le fáil i ngach áit. Tá éacht déanta ag Heussaff agus is deacair domsa friotal a chur ar na smaointe a rith liom agus mé ag léamh an leabhair seo, ach déanfaidh mé iarracht air. Láidreacht amháin atá le fáil sa leabhar seo, ní ligeann Heussaff don scéal uafásach atá mar chroí an leabhair, ní ligeann sí dó ceannasaíocht a ghlacadh ar an scéal iomlán. Tá an caidrimh idir í féin agus Pat, a fear céile den chine gorm, an-tábhachtach sa scéal seo. Tá caidreamh láidir acu ag an am chéanna, thig léi smaoineamh ar na bá thar lear agus na hadharca móra ata orthu – maith dom an t-imeartas focal! Ag phointe amháin, tá sí ag meabhrú ar a fear céile a chaitheamh síos le beanna, ach ina dhiaidh sin agus uile, tá siad beirt i ngrá lena chéile. Tá pearsantachtaí láidre cruthaithe anseo, an dubh agus an geal, an suaimhneas tostmhar atá le fail in Pat, an argóint agus an chrostacht in Aoife. B’fhéidir gur seo chéad úrscéal Heussaff ach tá bua na scríbhneoireachta le fáil ann.
Mícheál Ó Ruairc Feasta Márta 2005Dónall Mac Giolla Chóill, LÁ 27/10/04