50%
Lascaine

Banana

Sárchnuasach gearrscéalaíochta ó dhuine de mhórscríbhneoirí ár linne.

12.60 6.30

Níl stoc ar fáil

Gradam Uí Shúilleabháin, Leabhar Gaeilge na Bliana 1999 Is cóngaraí don osréalachas ná don réalachas an cnuasach seo le Seán Mac Mathúna. Níl ort ach breathnú ar an gclúdach chun é seo a thuiscint. An dearadh? Úll mór agus an teideal, Banana, os a chionn. Níl aon fhírinne le brath sa loighic, nó pléisiúr ach oiread. Spéis ag Mac Mathúna i gcás an duine – na nithe amaideacha, na nithe cróga, na nithe scannalacha a dheinimid go léir. Tarraingíonn Mac Mathúna sna scéalta as tobar domhain eispéireas chun tart an léitheora a mhúchadh. An réalachas cathrach agus réalachas na tuaithe. An saol comhaimseartha agus saol a óige i gCiarraí. Cuirfidh na scéalta seo sinn ag gáire nó ag gol nó ag gáire is ag gol in éineacht. A fhaid ar a ghiorracht saothar aibí é Banana. Sáigh do chár ann.

Meáchan 100 g
Leathanaigh

194

Foilsithe

1999

…Ar nós na scríbhneoireachta is fearr cuireann na scéalta seo ar do chumas bheith beo ar shlí eile, saol eile a chaitheamh. Is méadú ar stór do mheanma agus do mhisnigh iad. Tugann na scéalta seo cuntas ar thurraing an tsaoil faoi ghné amháin nó gné eile. Dearbhaíonn siad gearán nó casaoid na spride agus an mhisnigh in aghaidh na turrainge céanna sin. Tugann siad timthriall na beatha chun críche laistigh de theorainneacha ealaín na gearrscéalaíochta. Scaoileann siad muid láithreach, mar a dúirt Seán Ó Ríordáin, ó ghéibheann ár n-aigne féin. Brúnn an tsamhlaíocht sna scéalta seo in aghaidh brú an tsaoil, in aghaidh an éirí in airde, in aghaidh na tuairime coitianta, in aghaidh an ansmachta laethúil. Seo é sprid an duine ina lándúiseacht. Tagann sciatháin faoin bprós agus crochann siad an léitheoir chun siúil i dtreo na síoraíochta nó ‘go háit ná feadar’. Nó dorchaíonn ar an teanga agus tumtar é sa duibheagán: ‘D’éist Bagnall lena phionta agus na mílte cloigíní sa chúr á leá is á mbá – amhail is a bhí anamacha na marbh ag glaoch ar uisce’….
Eoghan Ó hAnluain, Feasta – Nollaig 1999

Ní nach ionadh gur bhain sé Gradam Uí Shúilleabháin nuair a chuimhnítear ar fheabhas an ábhair agus slacht na cuma.
Dónall Ó Braonáin, Foinse – 19 Nollaig 1999

Tá sárchumas teanga le brath sna scéalta ar fad, go háirithe sa chomhrá agus sna habairtí gonta a sholáthraíonn cúlbhrat oiriúnach go minic do mhionsonraí drámatúla an scéil: “Níor labhair éinne sa ghleann seo againne mar is lenár gciúnas a ghéilltear urraim”, mar shampla, sa scéal “Gadaithe” mar léiriú ar atmaisféar tí le linn tórraimh.
Máirín Nic Eoin, Foinse – 9 Eanáir 2000

“Mar is é mórbhua na scéalta seo ná samhlaíocht bhuile bhuacach an údair, samhlaíocht a scrúdaíonn aistíl agus camastaíl, agus greann agus míghreann an tsaoil.
Trevor Sargent, TD, Foinse – 21 Samhain 1999

Scéalaí é an Mathúnach a lonnaíonn é féin i ndeireadh ré, i ndeireadh pósta, i ndeireadh cairdis, i ndeireadh áir. Ní haon Oisín i ndiaidh na Féinne é, ach scéalaí a thagann i dtír ar an teip dhaonna agus a cheiliúrann é i bprós deisbhéalach dea-chainteach greannmhar bríomhar nach bhfuil a shárú ar fáil…Gabh amach agus ceannaigh Banana duit féin!
Darach Ó Scolaí, Cuisle – Nollaig 1999