An Loch

10.00

Stoc ar fáil

Scéal beirte atá anseo – Ríte agus Buach. Tá siad ina gcónaí cois locha, ceantar álainn a sinsear. Tá Ríte ina máistreás scoile agus caitheann Buach an chuid is mó dá shaol ag iascaireacht ar an loch. Bhí an saol go réidh acu go dtí gur éirigh Ríte tinn. Caithfidh siad an loch a fhágáil anois agus arís le cuairt a thabhairt ar an chathair agus an otharlann. Is é an loch a dtearmann, mar sin féin, an áit is ansa leo.

Le cois scéal na ndaoine, tá scéalta fhiadhúlra an locha anseo. Bíonn ainmhithe i mbun seilge agus is daor an praghas a bhíonn le híoc ag créatúr beag ar bith nach dtugann aird mar is ceart ar an cheantar. Beidh a chuid féin ag an loch…

***

Tá léaráidí leis an ealaíontóir Ciaraíoch scaipthe tríd an leabhar – léaráidí áille de na hainmhithe a fheictear sna scéalta fiadhúlra.

Meáchan 150 g