Bliain amháin, ar oíche Shamhna, tháinig fathach go Teamhair agus chuir sé an tArdrí agus an chúirt ar fad a chodladh le ceol draíochta. Nuair a bhí siad ina gcodladh, chaith sé lasair thine as a bhéal agus dhóigh sé cúirt an Ardrí. Tháinig an fathach ar ais bliain i ndiaidh bliana, agus dhóigh sé Teamhair arís agus arís eile. Ní raibh duine ar bith in Éirinn in ann é a stopadh. Ar deireadh, tháinig buachaill go Teamhair a gheall go gcuirfeadh sé deireadh leis an dóiteoir. Fionn mac Cumhaill ab ainm don bhuachaill sin. Tugadh sleá dó, agus chuaigh sé amach san oíche chun pálás an Ardrí a chosaint ar Dhóiteoir na Samhna.