Scéal Ghael-linn

20.00

Stoc ar fáil

Tá Gael Linn trí scór bliain ar an bhfód in 2013, agus sa leabhar seo déantar cur síos cuimsitheach ar eagraíocht Ghaeilge a raibh ceannródaíocht, nuálaíocht agus fiontraíocht ar leith ag baint léi ón lá a bunaíodh í. Cuimsíonn an saothar seo blianta tosaigh na heagraíochta nuair a tugadh Linnte Ghael Linn ar an saol, bunaithe ar thorthaí chluichí Gaelacha, agus biongó ina dhiaidh sin, agus an chaoi ar leathnaigh gníomhaíochtaí na heagraíochta go raibh sí páirteach i dtionsclaíocht, foilsitheoireacht, scannánaíocht, oideachas, siamsa agus go leor eile.

Meáchan 250 g