Ó Chósta go Cósta

15.00

Stoc ar fáil

Buaiteoir Ghradam Uí Shuilleabháin 2010

Sa mbliain 1994 cuireadh an Ceannfort airm Frank Reidy go dtí oirthear na hAfraice. Bhí sé ina bhall de mhór-iarracht idirnáisiúnta a cuireadh le chéile faoi scáth na Náisiún Aontaithe chun déileáil leis na fadhbanna iomadúla a d’eascair as an líon mór teifeach a d’fhág Ruanda tar éis an chinedhíothaithe. Sa leabhar seo tugann an t-údar cuairt an athuair ar oirthear na hAfraice, ag súil go bhfeice sé taobh eile den Afraic: Afraic an ghrá agus an gháire, Afraic na féile agus na flaithiúlachta, Afraic an spraoi agus an tsonais – íomhá nach bhfuil chomh forleathan sin i meáin an Iarthair, iad gafa le scéalta faoi ghorta, cogaíocht, caimiléireacht pholaitiúil agus anró gan stad gan staonadh.

Seolann an t-údar i ndabha timpeall chósta thoir na Céinia, tugann sé cuairt ar sheanmháthair Bharack Obama, agus ríomhann sé stair chasta, thragóideach na tíre. Tugann sé faoi safari i bpáirc náisiúnta an Maasai Mara. Tugann sé cuairt ar Uganda go bhfeice sé an chabhair a thugann Rialtas na hÉireann don tír sin. Agus filleann sé ar Ruanda go bhfeice sé mar atá ag éirí leo sna blianta tar éis an chinedhíothaithe. Leabhar taistil, leabhar staire, leabhar eolais, leabhar polaitíochta – leabhar nach mór do dhuine ar bith a bhfuil spéis aige san Afraic sa lá atá inniu ann é a bheith ina sheilbh.

Léigh sliocht as an leabhar

Meáchan 250 g

Tá an leabhar seo, Ó Chósta go Cósta le Frank Reidy, suimiúil agus éadrom san am céanna.

Tá sé de bhua aige go bhfuil sé ar an saghas leabhair go mbeifeá ábalta a léamh ar an mbus. Bua eile atá leis gur leabhar é a bheadh fóirsteanach don duine atá ag foghlaim Gaeilge nó don duine nach bhfuil mórán muiníne aige as a chuid Gaeilge. Sa leabhar, leis, tá grianghraif a ghlac an t-údar.

Bhí Reidy ina cheannfort in arm na hÉireann i 1994, tráth an chinedhíothuithe i Ruanda. Maraíodh 800,000 duine, nó 10% den phobal, nuair a thug mílístigh Hutu faoin mhionlach Tutsi.

Cuireadh Reidy go dtí an dúiche ar an teorainn le hUganda agus Poblacht Dhaonlathach an Chongó chun cuidiú le teifigh. Tá sé in amhras go raibh lámh ag cuid de na teifigh sin san ár.

Músclaíodh suim an údair sa chuid sin den Afraic agus d’fhill sé ar an cheantar 14 bliana ina dhiaidh sin. Rinne sé turas thart ar an Chéinia, Uganda agus Ruanda in 2008.

Tá an-suim ag Reidy sa chultúr agus sa stair. Déanann sé cur síos ar roinnt rudaí spéisiúla. Chaith sé seal ar OIleán Lamu amach ó chósta na Céinia.

Tá meascán iontach cultúr ann de bharr na ndreamanna ar fad a ghlac seilbh ar an oileán thar na céadta bliain: Portaingéiligh, Turcaigh, Arabaigh Óman agus Sasanaigh, i measc dreamanna eile.

Thug an trádáil sheanbhunaithe leis an India blas breise isteach.

Thug Reidy cuairt ar Ruanda féin. Is tír í nach meallann mórán turasóirí, rud atá intuigthe.

Tá tráma ar mhuintir na tíre de dheasca eachtraí an 100 lá sin i 1994. Tá náire ar na Tutsithe sin a tháinig slán nuair a maraíodh a muintir; agus tá náire ar lucht Hutu mar go mothaíonn siad freagracht de chineál éigean as an chinedhíothú.

Is de dheasca ar tharla nach bhfuil an bhrí chéanna sa phríomhchathair, Kigali agus atá i gcathracha eile.

Dar le Reidy gur áit álainn é oirthear na hAfraice, ach chuile áit feiceann sé an scáil a chaith an t-impiriúlachas ar an dúiche.

Cothaíodh nó cruthaíodh deighilt idir dreamanna difrúla.

Níorbh iad na Sasanaigh amháin a bhí ciontach as sin, nó bhí na Beilgigh i Ruanda agus sa Bhurúin lán chomh holc leo.

Trí mheán an leabhair taistil, tá neart anailíse déanta ag Reidy. Tá sin, agus fonn curtha aige ar an léitheoir seo cuairt a thabhairt ar an dúiche.
Ó Chósta go Cósta le Frank Reidy
Léirmheas le Anton Mac Cába, An tUltach, Eanáir 2010

Seans gur spéis leat...