Beartán de sheoda spioradálta…bhí San Proinsias ina thobairín as ar shruthaigh litríocht dhiaga ina tuile ar feadh na gcéadta bliana. – Gréagóir Ó Seanacháin
A Thiarna, déan díom cuisle do shíochána. San áit a bhfuil fuath, go gcuire mé grá. – Paidir San Proinsias ar son na síochána
Inniu agus scáil an chogaidh tite ar an domhan, bagairt na sceimhlitheoireachta go láidir inár measc, agus an caipitleachas ina rí ar an gcruinne is tráthúil an leabhar é seo. Tá fáil sna siopaí ar fud na tíre anois ar Mise Proinsias Bhur mBráithrín, Scríbhinní San Proinsias Assisi, fear a luaitear go mór leis an tsíocháin, fear a shéan maoin agus a roghnaigh an bochtanas ina áit, bunaitheoir Ord na bProinsiasach. Deirtear faoi go bhfuil teagasc ar sochar do chách sna nithe a bhreac sé ar pár. Seo an chéad eagrán cuimsitheach dá scríbhinní i nGaeilge. In Mise Proinsias Bhur mBráithrín tá fáil ar scríbhinní, litreacha agus paidreacha San Proinsias i nGaeilge, mar aon leis na bun-téacs Laidine as an editio princeps, Opuscula Sancti Patris Francisci Assisiensis.