Níl aon amhras ach go bhfuil Máire Mhac an tSaoi ar dhuine de mhórfhilí na Nua-Ghaeilge. Óna céad chnuasach, Margadh na Saoire (1956), i leith tá aghaidh tugtha aici go dalba, dána, dúshlánach ar chuid de na ceiteanna is práinní a bhaineann le saol agus taithí na mban go háirithe. Sa leabhar seo cíorann buíon scoláirí aitheanta gnéithe éagsúla dá hoidhreacht fhileata, mar atá, an guth máthartha ina cuid dánta, cúrsaí grá agus saoirse, tionchar na hiasachta ar a saothar, cóiriú na cuimhne agus an caidreamh teasaí a bhí aic le mórfhile eile a linne, Seán Ó Ríordáin. Chomh maith leis sin, déanta cíoradh cruin géarchúiseach ar dhánta aonair léi mar ‘Ceathrúintí Mháire Ní Ógáin’ agus ‘Love has pitched his mansion..’ ar seoad de cheird na critice iad.
Míorúilt an Pharóiste Aistí ar fhilíocht Mháire Mhac an tSaoi
€6.00
Stoc ar fáil
Meáchan | 250 g |
---|
Tá sé beagnach trí scór bliain ó tháinig Máire Mhac an tSaoi mar guth nua iontach i bhfilíocht Ghaeilge.
Roghnaigh Louis de Paor go deaslámhach aistí a cheistíonn agus a cheiliúrann saothar Mhac an tSaoi.
I measc na buaicphointí tá anailís ag Seán Ó Tuama ar a cuid saoithiúlachta teicniúla agus déanann Patricia Coughlan mionscrúdú ar théamaí scaradh agus máithreacht atá mar frithchaithimh ar shaol an fhile féin.
Is leabhar tábhachtach é Míorúilt an Pharóiste. Tabharfaidh sé pléisiúr do scoláirí agus d’iad siúd atá tugtha do ghuth fileata sainiúil Mhac an tSaoi.
Léirmheas le Christy Evans, St. Mary’s University, London