Tá Cathal Ó Háinle, Ollamh Emeritus le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, aitheanta mar dhuine de scoláirí móra na Gaeilge ó fuair a pheann a chéad phromhadh leathchéad bliain ó shin.
Ceiliúradh is ea an leabhar seo ar a bhfuil déanta aige do léann na Gaeilge ón am sin i leith – leabhar mór do scoláire mór.
Tá breis is daichead alt ardchaighdeáin ann le saineolaithe ar mhórán chuile ghné de shaíocht na Gaeilge, ó ré na Sean-Ghaeilge anuas go béaloideas ár sinsear agus go litríocht an lae inniu.