Sladmhargadh!

Diasa Díograise: Aistí i gCuimhne ar Mháirtín Ó Briain

6.25

Stoc ar fáil

,

Bhí Máirtín Ó Briain ina léachtóir le Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ó 1979 go dtí gur rug an bás uainn in antráth é sa bhliain 2004. Mar chomhartha measa air féin agus mar aitheantas ar an gcomaoin a chuir sé ar shaíocht agus ar léann na Gaeilge, bheartaigh Scoil na Gaeilge a gcomhdháil bhliantúil a thiomnú do Mháirtín sa bhliain 2005. Tugadh cuireadh do chomhghleacaithe agus d’iarscoláirí dá chuid páipéir a chur i láthair ag an gcomhdháil sin. Is cúis mhór áthais dúinn iad a fhoilsiú anois mar chloch ar charn Mháirtín. Tá sé aiste is fiche le fáil sa chnuasach seo a chuimsíonn gnéithe éagsúla d’oidhreacht na Gaeilge, go háirithe sna réimsí sin ab ansa le Máirtín.

Meáchan 250 g