Beartas Úr na nGael: Dálaí na Gaeilge san Iar-Nua-Aoiseachas

16.00

Stoc ar fáil

Diagnóis bhríomhar agus prognóis dhearfach ar cheist na nGael atá sa leabhar seo. Cuirtear beartais úra, thacúla agus phraiticiúla chun cinn do phobal na féiniúlachta Gaeilge. Is í aidhm na n-aistí sa leabhar seo moltaí forásacha a chur i láthair le cumas a thabhairt do Ghaeil ina ndúshláin chomhaimseartha agus le díospóireacht bhisiúil a chothú ina leith. Tabharfaidh sin misneach agus dóchas dóibh siúd ar mór acu an Gaelachas agus tacóidh moltaí an fhoilseacháin leis na pobail ar mian leo brí a thabhairt don fhéiniúlacht seo. Féachann an anailís úr seo le héalú as an dioscúrsachas ciorclach, trí mheán cruthaitheacht straitéiseach i leith thosca casta comhaimseartha na nGael agus na nÉireannach. I bprognóis an leabhair seo tugtar an iarracht chomhaimseartha is ábhartha le cur chuige nua a shainiú, bunaithe ar anailís theangeolaíochta, shocheolaíochta agus mhacrapholaitiúil ar dhálaí na nGael in Éirinn. Láithríonn an plé anseo an tsintéis shoch-acadúil is forásaí nua-aoisí dá bhfuil ann; á bunú ar anailís agus thuiscintí fianaisebhunaithe na hantraipeolaíochta, na sochtheangeolaíochta agus na déimitheangeolaíochta comhaimseartha. Beartas chun dóchais atá á chíoradh i smaointeoireacht cheannródaíoch an leabhair seo a chuirfidh bonn fóinteach gnímh ar fáil don phobal.

Meáchan 250 g