An Ghaeilge i Maigh Nuad

12.00

Léigh sliocht as an leabhar

Stoc ar fáil

Déanann an leabhar seo cíoradh agus scagadh ar áit na Gaeilge i gColáiste agus ina dhiaidh sin in Ollscoil Mhaigh Nuad ó bunaíodh é sa bhliain 1795. Déantar cur síos grinn agus anailís ar shaothar scoláirí mar Mhícheál Ó hIceadha, Pól Breathnach, Tomás Ó Fiaich agus, ar ndóigh, fathach Gaeilge agus litríochta Mhaigh Nuad, Pádraig Ó Fiannachta. Caidreamh corraithe casta a bhí ag Maigh Nuad leis an nGaeilge ón tús agus tá lucht na Gaeilge agus léann na Gaeilge go mór faoi chomaoin ag an gcoláiste. 

Seán Ó hÉanacháin

Is Léachtóir  le Gaeilge é Seán Ó hÉanacháin i gColáiste an Gharda Síochána sa Teampall Mór, le cáilíochtaí iarchéime sa Ghaeilge  agus is aistritheoir dlithiúil  cáilithe é (Óstaí an Ri).

Ta taithí fairsing aige maidir le múineadh na Gaeilge ag an tríú agus ag an dara leibhéal. Pléitear ról na sagart maidir le chur chun cinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig Maigh Nuad, ó bhunú an Choláiste go ndeachaigh Pádraig Ó Fiannachta ar scor i 1992, sa saothar seo.

Meáchan 250 g

Is saothar an-chuimsíoch i seo múnlaithe ar thráchtas dochtúireachta a rinne an túdar. Clúdaítear corradh le dhá chéad bhliain de stair an choláiste inti.

Tá’n túdar le moladh go mór as doimhneas agus iomláineacht a chuid taighde agus ach go háirithe as an riar mhaith structúrtha atá ar an leabhar.

Tá grinn-ainilís an-mhaith déanta sa leabhar ar an mhéid atá bainte amach ag Coláiste Oiliúna Sagart í Maigh Nuad ar mhaithe le cuir chun cinn na gaeilge sa tréimhse ábharach pléitear i súile údair comhaimsireacha teipeanna an choláiste ar bhealaigh áirithe agus a laghad a baineadh amach. Ar an gcaoi sin is saothar maith léirmheastóireachta í seo seachas íobairt de fhéin-bholscaireacht i leith an choláiste.

Tá cuid mhaith den saothar dírithe ar beathaisnéisí. Tá cuid dena beathaisnéisí seo an-chuimsitheach; mar shampla an sliocht ar an Chairdinéal Ó Fiaich agus ceann nó dhó eile i bhfad ró-thearc faraoir mar shampla gan ach 8 líne tugthar Seán Mac Éil – iar Árd Easpag Thuama agus duine de mhór-phearsain na naoi hAoise déag.

Tá cíoradh an-mhaith síos tríd an leabhar ar na hirisí agus leabhair a d’fhoilsigh Maigh Nuad thar na blianta; mar shampla Irishleabhar Mhaigh Nuad, An Sagairt, agus Léachtaí Cholm Cille. Chomh maith le sin tugtar cuntas an-mhaith ar an ghaol a bhí idir Maigh Nuad agus na Coláistí Gaeilge fud fad na hEorpa a shíolraigh agus a bhláthaigh le linn am na bPéin Dlíthe in Éirinn.

Nuair a dhéantar ainilís ar stadas na Gaeilge i Maigh Nuad is iad An tAthair Eoghan Ó Gramhna (duine de bhunaítheoirí Conradh na Gaeilge in 1893) agus an tAthair Micheál Ó hIcí (a briseadh as a phost mar Ollamh le Gaeilge i Maigh Nuad sa bhliain 1909) na hainmneacha is mó a ritheann leat. Tá plé an-maith déanta sa leabhar ar thionchar na beirte sna beathfháisneíse orthu. Tagraítear don Athar Ó Gramhna mar “Ceannródaí”. Tá scagadh ionraice ann ar phearsanacht uí Icí agus ar na toscaí ab chionnsiocair lena bhriseadh óna Ollúntacht.

Nuair a bhí an túdar ina mhac léinn i Maigh Nuad bhí sé go mór faoi scáth a Ollamh le Gaeilge an Monsignor Pádraig Ó Fiannachta a bhásaigh le deireanas. Ní hionadh mar sin go gcuirtear caipidil iomlán ar leataobh ar shaol agus ar shaothar Phádraig Uí Fhiannachta. Cuireann a bhfuil sa chaipidil sin go mór le tairbhe an leabhair.

Is leabhar í seo a bheidh an-spéisiúl de dhuine ar bith a chaith seal i mbun staidéar i Maigh Nuad agus neart eolas agus taifid fhísicúil inti.

Is leabhar í atá tur go maith in áiteanna agus barraíocht mion-bheatháisneísí inti. Tá’n leabhar maisithe le clúdach ghleoite i bhfoirm an saothar péintéireachta ‘Alive in Hope’ ó bhailiúchan ealaíona Maigh Nuad. Mar sin féin is trua go mór nach bhfuil réimse grianghraifeanna i gcroí-lár an leabhair.

Ba dheas leis dá mbeadh gluais innéacs ar deireadh an leabhar cé go bhfuil foinsí tagartha an-mhaith curtha ar fáil sa leabhar.

Ach níl sa mhéid sin ach mion-lochtanna. Tá’n leabhar le moladh go hárd agus ar luach an-réasúnta de €12 is fiú go mor é a chur le bailiúchan gach scoláíre gaeilge.
Maigh Nuad agus Teanga ár Sinsir, Léirmheas le Antoin Delap, The Irish Catholic, Aibreán 2017