Sa leabhar seo, a céad chnuasach filíochta, tugann Pauline Nic Chonaonaigh suntas do na míorúiltí beaga sa domhan mórthimpeall uirthi: fáinleoga ar a dturas, solas na gealaí i gcomhrac leis na néalta; nó an chodarsnacht sin idir duairceas an dorchadais agus ardú meanman is éadroime an tsolais, idir ollchiúnas an dúlra agus réabadh fíochmhar na stoirme.
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht | An chéad chló 2019 | ISBN: 9781784441920 | Clúdach bog