Tir Eoghain 1539: Conn Bacach ina thiarna agus a chlann mhac in iomaíocht lena fhábhar a thuilleamh. Seo é scéal Chonchúir Mhic Ardail: cléireach, ardfheidhmeannach, athair. Is í forbairt agus cur chun cinn an tiarnais fís Chonchúir. Idir é agus fíorú na físe tá iliomad rud — guagacht a mháistir, éad na n-uaisle, cistí folmha, cúraimí clainne, agus a laigeachtaí féin mar dhuine.
Anuas orthu sin ar fad, tá mac an tiarna ann, Feilimí Caoch Ó Néill, an gaiscíoch mealltach ar mian le Conchúr é a mhúnlú mar phrionsa Eorpach ar an déanamh nua.
As dlúth is inneach na staire, fíonn údar An Cláireach agus Táin Bó Cuailgne bréidín an tiarnais Ghaelaigh dúinn, taipéis mhór bheo Ghaeltacht dheireadh na Meánaoise agus thús an Renaissance ina mhaireann easpaig is iascairí, dochtúirí is dlíodóirí, giollaí is gallóglaigh, cailíní cuideachta is bantiarnaí.
“Úrscéal thar a bheith soifisticiúil … Éacht taighde agus teanga déanta ag an údar a aimsíos ardréim liteartha de theanga an lae inniu lena scéal a inseacht. Tour de force stíle agus reacaireachta atá ann a fhágas blas na seanteanga ar theanga an lae inniu.” — Gearóid Denvir
Ghnóthaigh Súil an Daill Duais an Oireachtais 2019.