Anocht m’oíche dheireanach sa teach seo agus briseann sé sin mo chroí. Sa teach seo inár rugadh agus ar tógadh mé is mo shinsir romham agus inar fhás mé suas le mo theaghlach líonmhar sul má scaipeadh muid. Sa teach seo mar a bhfuilim i mo chona le mo bhean le deich mbliana anus agus le mo mhac Shane lena leathsin…
Maidin amárach fágfaidh mé an teach seo, mo bhean… is mo mhac i mo dhiaidh.