Sarah Eile

8.00

Stoc ar fáil

Scéal faoi chailín óg ag teacht in inmhe mná atá in Sarah Eile. Scéal faoi Sara, cailín nach mian léi scaoileadh le saontacht na hóige. Ní chuirfidh sé greim ina béal. Tá sí i bhfad róthanaí. Agus b’fhearr léi a bheith tinn agus fanacht ón scoil. Ach tá teach saoire ag a muintir i gConamara. Agus is ann atá an samhradh le caitheamh aici. Cuirfidh aer na farraige biseach uirthi, dar lena muintir. Ach, ó chas sí le Gearóid, tá spéis mhór aici i seanscéal a chuirfidh athrú ar a saol: scéal faoi Sarah Eile a d’imigh den saol fadó tar éis troscadh fada. Tá an bás agus an bheatha fite fuaite ina chéile sa leabhar seo. Agus cur síos lom gan náire ar an dá rud. Ach cé acu atá i ndán do Sara?

Léiriú ríspéisiúil atá sa leabhar seo ar bhean óg a bhfuil galar intinne uirthi. Tá an leabhar oiriúnach do dhéagóirí sinsearacha agus do dhaoine fásta, go háirithe iad siúd atá ag foghlaim na teanga, agus mar áis d’fhoghlaimeoirí tá gluais ag cúl an leabhair.

Léigh Sliocht / Read an Excerpt  

Meáchan 250 g