Tom Jeffers, ‘Ní mar a shíltear Íbíotsa’, in Comhar, Eanáir 2016.
‘… fite fuaite leis na scéalta faoi na ‘trághnáthóirí,’ tarraingíonn an t-údar ár n-aird ar thíreolaíocht an Oileáin Bhailéaraigh, ar a chultúr dúchais agus ar mheon a mhuintire. Pléitear le cultúr na hÉireann in áit choimhthíoch agus cuirtear i gcomparáid le cultúir an oileáin agus cultúr na hEorpa i gcoitinne é, iniúchadh á dhéanamh, b’fhéidir, ar fhís na hEorpa agus mar a réitíonn saoránaigh an Aontais lena chéile. Is iad na hógánaigh, as Éirinn agus as an oileán féin, atá chun cinn sna gearrscéalta seo.’
Is féidir an léirmheas iomlán a léamh anseo >>
Seán Ó Catháin, ClubLeabhar.com, Meitheamh 2017
‘Éiríonn leis an údar cumarsáid bhríomhar réalaíoch a chruthú idir na carachtair sna scéalta, an gné is éifeachtaí dá chuid scríbhneoireachta. Stíl simplí aige, is breá liom é sin.’
Ciara Ní Éanacháin, ClubLeabhar.com, Meitheamh 2017
‘Tá na caidrimh go maith sna scéalta, le carachtair réalaíocha iontu. Chuaigh siad go croí ionam; reachtaireacht shéimh atá le feiceáil, daonnacht i measc na ndaoine óga. Tugtar dea-léiriú ar dhéagóirí sa scéal, rud atá annamh go leor. Tá dearadh an leabhair an-mhaith, nua-aimseartha agus geal.’
Éist leis podchraoladh Clubleabhar.com anseo>>