I dtír mhilis na mbeo
Guth nua liteartha ar an bhfód is ea Colm Ó Ceallacháin. Seo é a chéad chnuasach gearrscéalta. Colm Ó Ceallacháin’s first collection of short stories. Here we meet young and old, struggling with the tribulations of life.
€10.00
Stoc ar fáil
Meáchan | 100 g |
---|---|
Toisí | 180 × 123 × 1 cm |
Foilsithe | 2017 |
Áine Ní Ghlinn, ‘Údar Cainte’ ar Raidió na Gaeltachta 27/6/17
Ceapaim gur an-chnuasach go deo é seo. Éiríonn le gach scéal suíomh thar a bheith réalaíoch a léiriú agus saol an ghnáthdhuine a iniúchadh go mion. Nochtann Colm Ó Ceallacháin téamaí daonna láidre tríd na scéalta, cleachtadh a chuireann an léitheoir ag machnamh arís agus arís eile. Anuas air sin is cnuasach breá soléite é a bheadh foirfe do chlubanna leabhair. Molaim go mór é as an saothar spéisiúil nua-aimseartha seo.
Eoin P. O Murchú, ar Tuairisc.ie.
Tá dhá scéal ar leith ar deacair gan suntas a thabhairt dóibh. Samplaí den litríocht shrianta nó ‘constrained literature’ iad. Sa chéad cheann, Fuadach, fuadaítear an guta ‘i’ agus níl úsáidtear ar chor ar bith sa scéal é agus sa dara ceann, a thagann díreach ina dhiaidh, níl mar ghuta ann ach ‘i’.
Léiríonn Fuadach go háirithe cumas an scríbhneora agus scéal gasta inste aige gan aon chabhair ó ghuta áirithe, scéal a bhfuil rian den bhleachtaireacht agus den tráchtaireacht pholaitiúil air. Tá ceangal idir an dá scéal seo agus cé gur deacra i bhfad scéal a bhfuil dealramh leis a scríobh gan ‘aeou’, éiríonn leis mar phíosa próis cé gur cosúla le filíocht é. Chuirfeadh an cleas seo i gcuimhne duit an Francach Georges Perec, a scríobh an t-úrscéal La Disparition sans ‘e’; agus nár úsáid ach ‘e’ in Les Revenentes. Cuireann cleasaíocht mar seo le nuálaíocht an chnuasaigh, agus ní ar mhaithe le cleasaíocht amháin é.
Seans gur spéis leat...
-
-
Níl stoc ar fáil
-
-