Níl stoc ar fáil

Guthanna in éag – an mairfidh an Ghaeilge beo?

Leabhar dátheangach faoin gcomhthéacs domhanda, teangeolaíoch agus éiceolaíoch a bhaineann le cás na Gaeilge.

E-Leabhar ar fáil. Féach an nasc thíos. / E-Book available. See link below.

7.60

Níl stoc ar fáil

Tá an leabhar seo ar fáil i bhfoirm ríomhleabhair amháin anois. Staidéar tomhaiste ar staid na Gaeilge i láthair na huaire. Cuireann an comhthéacs domhanda, teangeolaíoch agus éiceolaíoch a thugann an t-údar go mór lenár dtuiscint ar chás na Gaeilge.  Leabhar dátheangach atá ann.



Meáchan 250 g

Pól Ó Muirí, Irish Times – 14 Márta 2001

Murab ionann agus mórán saothar ollscoile eile, tá an ceann seo soléite inléite agus le meáchan sa bhuille…. Is é croí a argóna nach dtuigeann muid i gceart an dúshlán a chuir lucht na hathbeochanna rompu agus iad ag iarraidh an Ghaeilge a chur in athréim arís . “Paróisteach” agus “cúngaigeanta” a thugann sé ar go leor den phlé a dhéantar ar cheisteanna teanga. Caithfidh an díospóireacht a lonnú i bhfráma domhanda….. Dóchas a léiríonn McCloskey, mar sin féin, i gcás na Gaeilge. Is “bríomhar an marbhán” í.


– 3 Deireadh Fómhair 2002

Leabhair spreagúil dúshlánach atá ann… Lá – 7 Meitheamh 2000 Fiú muna dtugann muid cluas le héisteacht do JamesMcCloskey agus a achainí in Guthanna in Éag: An Mairfidh an Ghaeilge beo?, bímis buíoch de as traidisiúin an phaimfléid a athmhúscailt i saol na Gaeilge. Is cinnte gur deismire agus gur slachtmhaire an cruth atá ar leabhairín an ollaimh il- teangeolaíocht i gCalifornia ná a bhí ar Pháipéir Bhána agus Pháipéir Bhreaca Uí Chadhain, ach is ionann aidhm dóibh: athbheochan teanga agus spreagadh. Agus tá dearcadh leathanaigeanta (don chuid is mó) agus cúlbhrat domhanda ag Mac Bhloscaidh a thugann brí as an uair dá argóint sa leabhar dátheangach seo….An fhuascailt ar an tsáinn ina bhfuilimid: tuismitheoirí a bheith ag Gaeilgeoireachta lena bpáistí. Ach mar is léir ón chaint a rinne an tAire Ó Cuív I mBaile Ghib, an tseachtain seo a chuaigh thart féin, tá, i bhfoclaí an údair, an tsnaidhm sin scaoilte. Teanga shoiléite shaibhir atá ag Mac Bhloscaidh agus, bíodh an moladh is airde dá mb’fhéidir a thabhairt dó aige, is cinnte nach aistriúchán ar an Bhéarla atá sa leath Gaeilge den leabhar. Ach tá fabht mhór amháin ina argóint agus léirítear sin nuair a dhíríonn sé a aird ar chúrsaí polaitiúla in Éirinn: meancóg i gcónaí ag an lucht acadúil rialacha na ranganna agus na leabhar a aistriú go dtí saol na ndaoine. “Má bhreathnaítear ar an iarracht chaomhnaithe ar an dóigh seo, is iarracht frithnáisiúnach go bunúsach í. Má tá muid le tabhairt fúithi, ní mór a aithint ar dtús gurb é an náisiúnachas an namhaid is seirbhe agus is contúirtí ar bith dá raibh riamh ag teangacha ‘neamhfhorleathana’.” Muidne, atá ag labhairt na Gaeilge go stadach as siocair an náisiúnachais gan a bheith cloíte ó thuaidh, tuigimid an difir idir naisiúnachas an choilínigh agus náisiúnachas na cosmhuintire. Ach ná ligimis dó sin baint den fhéirín bheag díospóireachta seo a sheoladh chugainn ó chomrádaí atá ag scríobh ar chósta thiar Chalifornia, é ag éisteacht le idirlíon, ag freagairt teachtaireachtaí ríomhphoist i nGaeilge ó achan chearn den domhan, leabhair Ghaeilge le cois na deisce aige.