Léirmheas le Pól Ó Muirí in The Irish Times, 5 Meán Fómhair, 2012
Cnuasach gearrscéalta leis an iriseoir, Alex Hijmans, atá ann mar Gonta (€14). “Gonta” sa chéill “cneácha” atá i gceist agus is scéalta iad nach bhfuil ar dhóigh ar bith bog. Tugann Hijmans aghaidh ar eachtraí brúidiúla uirbeacha sa Bhrasaíl – mar a bhfuil cónaí air – agus baineann sé geit as an léitheoir lena chur chuige cliste, idir chaint agus imeachtaí, agus leis an fhoréigean a chastar ar a chuid carachtar. Tuairiscí lán croí ó dhomhan eile atá sna scéalta ina léiríonn Hijmans comhbhá le daoine atá faoi chois agus gan chumhacht. Beidh caint ar “Buzú”, “Dréimire na cumhachta” agus “Ba ghlas iad na cnoic i bhfad ó shin” go ceann tamaill.
Léirmheas in Gaelscéal, February, 2013
Is bailiúchán gearrscéalta é seo ón scríbhneoir Alex Hijmans, foilsithe ag Cois Life anuraidh. Tá cuma thar a bheith snasta agus tarringteach ar chlúdach an leabhair, agus is breá liom an chaoi a mhothaíonn an leabhar agus an chaoi a chuirtear inár láthair é. Cé go bhfuil an leabhar costasach go leor ag €14, tá trí scéal déag san áireamh ann agus tá neart ábhar léitheoireachta i gceist. Tá na scéalta ar fad lonnaithe sa Bhrasaíl agus dírithe ar mhuintir Bahia. Scríobhadh na scéalta seo idir 2009 agus 2012 agus tá sé spéisiúil gur tionscnamh ilteangach atá sa chnuasach, agus na scéalta tugtha chun cinn i dtrí theanga ag an am céanna – Gaeilge, Ollainnis agus Béarla. Tá meascán mór ábhair i gceist sna scéalta agus muintir Bahia ag croílár an leabhair. Tá stíl gonta scríbhneoireachta in úsáid ag Hijmans sna scéalta seo, mar a deir teideal an chnuasaigh, agus is fiú triail a bhaint as na scéalta mar is cinnte go mbainfidh gach éinne a mbrí féin astu, mar a dhéanaimid leis na scéalta is fearr. Tá sé i gceist ag Hijmans cuid áirithe de na leaganacha Béarla agus Ollainnise a fhoilsiú amach anseo, agus chuir mé spéis sa mhéid a dúirt sé féin faoi na scéalta seo: “Mothaím gur thóg mé céim mhór chun tosaigh mar scríbhneoir agus mé ag obair ar an gcnuasach seo, céim nach bhféadfainn a thógáil gan iad.”
Síle Ní Mhurchú, Feasta (Nollaig 2012)
Tríd is tríd, stíl fhuinte scríbhneoireachta a chleachtann an t-údar, gach focal agus gach abairt ag tógaint ar an méid a chuaigh roimis. Tá mórán de na scéalta leagtha amach mar a bheadh sraith radharc i ngearrscannán, rud a chuireann lena mbeogacht agus lena n-úire.
In ‘Malandro’, ní mhínítear dúinn cruinn díreach cad is brí le teideal an scéil, rud a fhágann go bhfuil an léitheoir ar comhchéim leis an mbuachaill óg sa scéal atá ag iarraidh a fháil amach cén fáth go dtugann a mháthair malandro ar a athair. Tuigimid gur dócha nach téarma moltach é ach, dála an bhuachalla, is ag deireadh binbeach an scéil a thuigimid i gceart an bhrí atá leis an bhfocal. Seo scéal a ghoinfidh an croí is crua dá bhfuil.
In ‘Faoin gcrann pequi’, tá idir mhilse agus sheirbhe sa chuntas a thugtar dúinn ar chaidreamh idir beirt fhear. Scéal simplí go maith é seo ach tá sé roinnte ina eipeasóidí a ghluaiseann siar agus aniar ó am inste an scéil go dtí an am atá thart, rud a chuireann lena éifeacht.
Scéalta iad seo, mar sin, a bhainfidh preab as léitheoirí, a thabharfaidh oscailt súl dóibh, a fhanfaidh ina gcuimhne go ceann i bhfad, lena rá go gonta.