Favela

An saol i mbruachbhaile bocht, contúirteach sa Bhrasaíl.

18.00

Stoc ar fáil

Duais Oireachtais 2009 Cónaíonn Alex Hijmans (Foinse, Nuacht TG4/RTÉ) i mbruachbhaile bocht, contúirteach sa Bhrasaíl. An t-aon duine den chine geal i gceantar plódaithe, ina bhfuil sliocht na nAfracach a tugadh mar sclábhaithe chun na Brasaíle ag streachailt leis an saol go laethúil, tá Alex ag iarraidh teacht ar rún mhuintir na háite: conas a éiríonn leo saol sona a chaitheamh in áit atá beo bocht? Féach suíomh Alex Hijmans ar a bhfuil blag ar a shaol sa Bhrasaíl: http://www.alexhijmans.com/



Meáchan 250 g
Leathanaigh

168

Foilsithe

2009

Robert McMillen, Irish News, 17 Samhain 2009

‘…leabhar a mbeidh áit aige i measc na ndírbheathaisnéisí is suimiúla dar scríobhadh riamh i nGaeilge.’


Matt Mac Anna – Nuacht24, 11 Meán Fómhair 2009

Bhí saoil ag Alex Hijmans in Tancredo Neves mar nach raibh ag mórán againn. É ina chónaí i bplódcheantar le fear de bhunadh na háite, é timpeallaithe, lá agus oíche, ag fuaimeanna, ag bolaithe agus ag eachtraí a bheadh aduain againne. Dar leat, mar sin, gur ghual go mbeadh scéal iontach le hinsint aige. Rud atá fíor, ar bhealach. Ach ní leor eachtraí iontacha. Caithfidh an t-údar na heachtraí a scagadh lena chinntiú go roghnóidh sé iad siúd a dhéanfaidh scéal suimiúil leanúnach. Agus caithfear an scéal sin a insint go maith, go cumasach, go seiftiúil. Ón chéad leathanach, is léir go bhfuil an rogha ceart déanta ag Hijmans. Na heachtraí agus na carachtair agus na ceisteanna, déanann siad suim an léitheora agus a mhothúcháin a mhúscailt agus a choinneáil múscailte go dtí go mbeidh Favela léite ó chlúdach go clúdach. Tá a phrós gléineach, furasta a léamh agus, in áiteanna, lán d’íomhánna iontacha. Bíonn sé sparálach ina scríbhneoireacht fosta, rud a choinníonn luas faoin scéal agus a chuireann lena insint.

Shamhlófá in uaireanta gur ag léamh úrscéil a bhí tú seachas iriseoireacht / litríocht taistil. Agus ar bhealach, is meascán den iomlán: cuid de ina úrscéal, cuid de ina iriseoireacht, cuid eile ina threoirleabhar. Ach tríd is tríd is leabhar é Favela a choinníonn ag tiontú na leathanach thú. Scéal ar fiú a insint. Scéal ar fiú a léamh.

Seans gur spéis leat...