Úrscéal grá agus suirí i stíl éadrom spórtúil ó údar cáiliúil Bás Tobann. Imeachtaí aon tráthnóna amháin, ach ansin is iomaí insint ar eachtraí an aon lae. Oiriúnach d’fhoghlaimeoirí fásta agus mar scíthléitheoireacht. Grá agus mistéir. Scéalta faoi rún. Sa rang Gaeilge do dhaoine fásta, níl gach rud á rá amach os ard. Tá Caoimhe ag éirí cairdiúil leis an múinteoir, Neasán. Ach tá aird ar leith ag Neasán ar Aisling, is cosúil. In imeacht aon tráthnóna amháin, tá ceachtanna crua le foghlaim faoi dhóchas, bhriseadh croí agus chumhacht ghuagach na bhfocal. Léargas beoga úr ar shaol ár linne, d’aon léitheoir le bunlíofacht sa Ghaeilge. Brúigh anseo chun foclóirín a chuir údar Cúpla Focal ar fáil, mar acmhainn d’fhoghlaimeoirí Gaeilge agus an t-úrscéal á léamh acu. Tá an foclóirín leagtha amach de réir ord aibítre: Foclóirín Cúpla focal. Tá gluais curtha ar fáil ag an údar freisin, agus é leagtha amach de réir uimhreacha na leathanach sa leabhar: Gluais Cúpla focal.
Cúpla Focal
Úrscéal grá agus suirí suite i rang Gaeilge do dhaoine fásta.
E-Leabhar ar fáil. Féach an nasc thíos. / E-Book available. See link below.
€12.00
Níl stoc ar fáil
Meáchan | 100 g |
---|---|
Leathanaigh | 144 |
Foilsithe | 2007 |