Cnoc na lobhar

Úrscéal faoi fhear i ndeireadh a shaoil ar mire in éadan an bháis.

16.00

Stoc ar fáil

Fear i ndeireadh a shaoil ar mire in éadan an bháis. A bheatha ag sciorradh uaidh. Gaiscíoch de bhunadh cathrach é Labhrás, fear físe, cultúir, athbheochana. Trí mheán taibhse ó na meánaoiseanna, Darach, a ríomhtar an scéal, lobhar nó laoch, ag éalú ón bPlá Dhubh. Compánaigh slí is ea anois iad ar aistear inmheánach na gcuimhní.



Meáchan 250 g
Leathanaigh

203

Foilsithe

2007

LÁ NUA, Bealtaine 2008

Tá guth an-sainiúil ag croílár an leabhair seo. Guth seanfhir atá ann, Labhrás, a chaith a shaol i nDún Laghaoire agus atá anois ar leaba an bháis. Tá sliocht as an dán cailiúil le Dylan Thomas ag tús an leabhair, “Do not go gentle into that good night”, agus glacann Labhrás go réidh leis an chomhairle sin. Scaoileann sé a racht linn, agus leis an tsaoirse a thugann an bás dó, ní chuireann sé fiacail ann, é ag aimsiú spriocanna agus ag insint scéalta faoin drochdhóigh a caitheadh leisean agus le hÉireannaigh i gcoitinne.

Ar dhóigh amháin, is cuma faoi phlota an scéil; faigheann guth Labhráis greim ort agus tá tú sásta éisteacht leis, fiú agus é ag rámhaille. Ach tá cuid mhór de stair shóisialta an bhaile, agus na cathrach, le foghlaim as a chuimhní cinn: an teaghlach beo bocht ar dtús, ina gcónaí in aon seomra amháin agus an t-athair ag obair mar phóirtéir do na daoine saibhre ag dul ón traein go dtí an bád. Insíonn sé dúinn cad é mar a d’fhás Dún Laghaoire le linn a shaoil, agus téann an snáth staire seo níos faide siar fosta mar tá comrádaí eile ag Labhrás sa seomra ospidéil, mar atá Darach, taibhse ón Mheánaois a insíonn dúinn faoi na heachtraí a bhain dó i mBaile Átha Cliath agus a fheidhmíonn mar fhiosraitheoir le níos mó eolais a bhaint ó Labhrás nó lena threorú i dtreo ábhar arbh fhearr leis iad a choinneáil rúnda. Tá an insint rud beag seachránach sna codanna a bhaineann le saol Dharach féin – seans go gcuireann siad isteach ar an tsuim atá ag an léitheoir i nguth Labhráis – ach is maith ann é mar áis liteartha, agus bíonn spraoi sa chomhrá idir an bheirt. Cuireann an comhrá seo bearna ar fáil i sruth smaointe Labhráis, éagsúlacht atá de dhíth le suim an léitheora a choinneáil. Tá modh insinte eile ag an údar leis an éifeacht chéanna a fháil, mar atá pearsantú a dhéanamh ar imeachtaí stairiúla atá faoi chaibidil ag Labhrás, é ag samhlú comhrá idir Strongbow agus Rí Shasana, mar shampla, nó ag cur síos ar fhilí ar an drabhlás ag gearán faoi imeacht an tseanchórais phátrúnachta. Tá rún ag croílár an leabhair seo chomh maith. Mar tá guth cantalach, searbh ag Labhrás ag deireadh a shaoil nach réitíonn go maith leis an eolas a thugann sé dúinn faoina shaol agus é ina fhear óg. D’éirigh leis éalú ó bhochtaineacht a athar, post breá le pinsean aige sa státseirbhís, bean agus clann aige ar ball agus gach cuma ar an scéal go bhfuil an sonas i ndán dóibh uilig. “D’fhágamar triúr an t-ospidéal i dtacsaí is chuaigh amach chuig an teach nua a bhí ceannaithe againn, sásta le chéile is ar bís le tosú amach ar an saol a bhí romhainn i mbruachbhaile lámh leis an gcathair cois sléibhe.” A mhalairt d’íomhá ar fad a thugann sé dúinn den teaghlach agus é níos sine, é ag teacht abhaile achan oíche ólta, argóintí lena mhic agus beag caidreamh idir é féin agus a bhean. Is léir gur tharla rud éigin san idirlinn a d’athraigh saol an teaghlaigh, ach ní luaitear fáth an athraithe go dtí beagnach deireadh an leabhair.

Ní mhillfidh mé an scéal oraibh tríd an rún a léiriú, ach tá an t-eolas uafásach agus éifeachtach nuair a thagann sé. Ní úrscéal ar an ghnáthmhúnla é seo, le plota a théann ar aghaidh de réir chaitheamh na mblianta, agus níl sé go hiomlán rathúil: tá codanna laga ann nuair a bheidh an léitheoir rud beag caillte. Ach is léamh taitneamhach suimiúil é, agus beidh guth Labhráis beo i gcluasa an léitheora go fóill nuair a bheidh an leathanach deiridh tiontaithe.