Níl stoc ar fáil

Carraig agus cathair: Ó Direáin

Saothar agus téamaí Uí Dhireáin trí shúile an tsocheolaí. The poetry and themes of Máirtín Ó Direáin from a sociological perspective.

E-Leabhar ar fáil. Féach an nasc thíos. / E-Book available. See link below.

12.00

Níl stoc ar fáil

Úsáidtear teoiricí na socheolaíochta chun staidéar a dhéanamh ar Árainn agus ar Bhaile Átha Cliath i saothar Mháirtín Uí Dhireáin. Ba é sainiúlacht a ghutha mar fhile nua-aimseartha a chuir bonn faoi indibhidiúlacht an Direánaigh sa chathair dó, dar le Ní Riain. Féinchruthú mar fhile is ábhar do chuid mhór den leabhar mar sin agus cuid mhór den fhéinchruthú sin is ea an teanga fhileata a d’fhorbair an Direánach le linn dó a bheith ag scríobh.



Meáchan 250 g

Díol spéise don té ar ansa leis filíocht Mháirtín Uí Dhireáin é an leabhar seo. Socheolaí í Isobel Ní Riain a rinne cíoradh ar shaol, ar shaothar, agus ar smaointe Uí Dhireáin mar ábhar do thráchtas dochtúireachta. Rugadh sa Sruthán in Inis Mór Árann é sa bhliain 1910. In aois a ocht mbliana déag thug sé aghaidh ar chathair na Gaillimhe. Naoi mbliana ina dhiaidh sin fuair sé ardú poist, rud a thug go Baile Átha Cliath é. Cailleadh é sa bhliain 1988. Is é an t-aistriú agus an dífhréamhú (an stoiteachas mar a déarfadh sé féin) a bhraith sé mar thoradh ar an aistriú ón oileán beag go dtí an t-oileán mór an téama is mó a bhí aige ina chuid filíochta de réir an údair. Pléann Isobel Ní Riain na difríochtaí idir an cineál saoil a bhí aige in Árainn agus an cineál saoil a bhí aige nuair a chur sé faoi i mBaile Átha Cliath i gcomhthéacs theoiricí na socheolaithe Ferdinand Tonnies agus Emile Durkheim. Déanann Tonnies idirdhealú idir an ‘Gemeinschaft’, saol an phobail bhig tuaithe ina mbíonn béim ar leas an chine seachas ar leas an duine aonair, agus an ‘Gesellschaft’, saol an phobail mhóir i dtimpeallacht na cathrach áit ar tábhachtaí leas an duine aonair ná leas an phobail i gcoitinne. Déanann Durkheim idirdhealú idir an rud ar a dtugann sé an ‘tsochaí mheicniúil’ – an saol simplí tuaithe – agus an ‘tsochaí orgánach’ – saol eagraithe na cathrach.

Cé nach mar a chéile ar fad iad ‘Gemeinschaft’ agus ‘Gesellschaft’ Tonnies le sochaí mheicniúil agus sochaí orgánach Durkheim, freagraíonn siad a bheag nó a mhór dá chéile. Nuair a thugann Ó Direáin saol na cathrach ar féin, tá sé scoite, uaigneach. Caithfidh sé ‘Gemeinschaft’ Liteartha agus ‘Gesellschaft’ Liteartha a chruthú. Árainn fhileata a chruthaíonn sé. I gcaibidil eile tráchtann an t-údar ar thábhacht na hindibhiúlachta (a thagann chun tosaigh go mór sa ‘Gesellschaft’) i gcomhthéacs theoiricí Mhead faoin ‘I’ (Ego). Is é an féinaitheantas a chabhraíonn leis an duine indibhidiúlacht a bhaint amach. Maíonn an t-údar gur bhain Máirtín Ó Direáin féinaitheantas amach dó féin nuair a d’aistrigh sé go Baile Átha Cliath. Ábhar machnaimh don té a bhfuil dúil aige san fhilíocht an leabhar seo.
Bernadette Ní Mhuirí, Foinse, 18/08/2002

Staidéar ar Bhaile Átha Cliath agus ar Árainn i saothar Uí Dhireáin atá sa leabhar seo. Teoiricí na socheolaithe Ferdinand Tonnies agus Émile Durkheim na huirlisí a mbaintear leas astu. Is cinnte gur breá mar a oireann na huirlisí don ghnó seo mar gur ar an aistriú ó phobal de shaghas amháin go dtína a mhalairt ar fad atá an fhilíocht bunaithe. Áitnítear gur tríd an bhfilíocht sin a tháinig an Direánach ar fhéinaitheantas mar fhile agus mar dhuine.
Books Ireland, Meán Fómhair, 2002.