Níl stoc ar fáil

Canary Wharf

An chéad chnuasach gearrscéalta ó dhuine de na scríbhneoirí óga is fearr sa Ghaeilge. (Ar fáil mar ríomhleabhar.)

E-Leabhar ar fáil. Féach an nasc thíos. / E-Book available. See link below.

15.00

Níl stoc ar fáil

Tá casadh sin an fhíorscéalaí, cor a bhaineann geit agus a thugann sásamh, mar bhua ag Orna Ní Choileáin ina cuid scéalta. Lonnaíonn sí a cuid eachtraí i gceartlár shaol na stocbhróicéireachta, an airgeadais agus na teicneolaíochta, agus nochtann sí an nádúr daonna i stiúideo teilifíse na réaltachta beo. Greann dorcha bearrtha ag baint le mórán díobh, d’fhéadfadh na scéalta fuinte a bheith scríofa i dteanga ar bith ar domhan, in áit ar bith sa domhan forbartha nó i mbéal a fhorbartha. Stíl éasca sholéite aici, scéalta comhaimseartha, súil seabhaic an tráchtaire ar foluain thart ar an IFSC agus Canary Wharf.



Meáchan 250 g
Leathanaigh

167

Foilsithe

2009

Tá duaiseanna bainte amach ag an údar seo sa Bhéarla, agus aithne uaithi i saol na Gaeilge mar bhuaiteoir duaiseanna i gcomórtais ardáin an Oireachtais. Seo an chéad chnuasach gearrscéalta uaithi agus tá úire agus cumas le léamh orthu agus iontu. Deich gcinn de scéalta a bhaineann le saol na linne seo ón gclár ‘réaltachta’ beo go dtí saol na stocbhrócaerachta atá ann. Beidh daoine ar bheagán Gaeilge in ann don teanga éasca, dhíreach atá san insint ach sásóidh na scéalta gach duine ar suim leo cora na litríochta sa Ghaeilge agus í ag dul i ngleic le fírinní an tsaoil atá á maireachtáil againn.
Books Ireland, Márta 2009

Ní thuigeann muid brí iomlán na bpictiúr a tharraing ár sinsear ar bhallaí pluaiseanna. Ach ghabhfainn i mbannaí air gurb é mórthéama cuir mhór acu ná strachailt an duine ar aghaidh an tsaoil. An raibh an saol ag bogadh róscioptha dhóibh an uair sin meastú? Chaithfeadh go raibh sé éasca go leor acu fanacht chun cinn ar an dteicneolaíocht. Cruthaíodh an rotha. B’in é, dáiríre, ó thaobh na teicneolaíochta ar feadh na mílte bliain. Taobh amuigh, seans, d’fhorbairtí anseo is ansiúd ar an tsleá. Chaithfeadh go raibh an gnáthdhuine sách tech-savy. D’athraigh sé sin uilig nuair a tháinig an réabhlóid tionsclaíochta sa mullach orainn. Lá ámhain ba é an t-inneall gaile, is an chéad rud eile beidh córas GPS sáite i do bhlaosc ar mhicri-shlis.

Tháinig athruithe ar an saol ó aimsir na sleánna, ach ar athraigh an duine? Ní gá ach breathnú ar an mbéaloideas le feiceáil gur strachailt an duine ar aghaidh an tsaoil is é bunscéal an chine daonna ó thús ama. Caith súil ar na scéalta a mheallann inniu muid agus shílfeá go bhfuil na ceisteanna céanna á chur againn agus a chuir ár sinsear – cá bhfuil an áit don duine sa saol seo? Má athraíonn an seit fhéin ní athraíonn an dráma, ná na ceisteanna a spreagann na drámadóirí chun pinn. Is an peann pioctha suas anois ag Orna Ní Choileáin dá chéad cnuasach gearrscéalta leanann sí leis an scéala a chuir na céadta mír leis roimpi. Domhan an lae inniu atá á n-aithris dúinn in Canary Wharf (Cois Life, €15) ag Ní Choileáin ina bhfuil cláracha réalaíochta, oibrithe Idirlín, corporáideachas agus trádálaí stoic. Ach ní baileach an saol a aithníonn muid atá cruthaithe ann. Braitheann rud éigin as áit de réir mar a léitear an bailiúchán. Níl a fhios ag an léitheoir cad atá mícheart agus de réir a chéile tuigtear nach bhfuil a fhios ag laochra na ngearrscéalta ach an oiread. Osclaítear leis an scéal 999 agus tús a chuir le clár dúshláin teilifíse ina bhfuil ar na hiomaitheoirí aghaidh a thabhairt ar eachtraí uafásacha chun an bua a fháil. Abairtí gearra gníomhacha atá in úsáid: “Shéid na trumpaí. Chrith na ciombail. Las na Soilse.” Is tá barúil tugtha d’atmaisféar meidhreach stiúideo láithreach. In áit an áthais is uaigneas searbh, más ann dó, a airítear. Slisín den ghreann atá ann ach le plaicín liomóin ar a bharr.

Seo saol a aithníonn muid uilig agus cé nach bhfuil sé ráite amach tuigtear gur ar mhaithe le hairgead tá an rud seo ar fad ag tarlú. Léiriú na cumhachta. Tá sé cosúil le béiceadh na sluaite a shamhlófá agus na Críostaithe curtha in aghaidh na leon. I lár an chlampair uilig tá an t-iomaitheoir, an duine deiridh atá fágtha sa gcomórtas théis na sraithe. An éireoidh léi agus má éiríonn, an é sin an dúshlán deiridh a chuirfear roimpi? Áirítear go bhfuil a fhios ag an slua freagra na ceiste sin, ach nach bhfuil an rún á scaoileadh acu. An rún ceánna a cheanglaíonn scéalta an chnuasaigh le chéile. Tá sé ar nós go bhfuil an domhan uilig i gcomhcheilg agus is iad laochra na scéalta seo an t-aon dream atá taobh amuigh den gciorcal. Pléitear na hathruithe móra a tharlaíonn thart orainn agus an easpa smachta atá againn ar an saol ina maireann muid. Cuirtear cuid de sin in iúl leis an gcineál teanga atá úsáidte. Measctar abairtí beaga sciobtha le habairtí teicniúla téarmaíochta na nua-aoise. I scéalta ar nós Dátheangach tá an daonnacht chun tosaigh sa teanga a úsáidtear. Ach in áiteanna eile ar nós an scéil Saineolaí Teicneolaí tá an bhéim curtha ar an scoilt atá idir an duine agus an domhan le foclaíocht theicniúil.

Ina n-aonar atá na daoine seo ach ní shin le rá nach bhfuil siad sásta seasamh a thógáil. Chaithfeadh nár chuala carachtair Ní Choileáin ariamh gur féidir “fearr rith láidir ná seasamh lag”, agus níl an dara rogha ann ach tacú leo dá bharr. Strachailt an duine ar aghaidh an tsaoil atá ag lár an chnuasaigh seo más i ndomhan na teicneolaíochta fhéin atá sé suite. Más é Éamonn sa scéal Canary Wharf agus é ag iarraidh éalú ó shaol an airgeadais nó Gráinne ag iarraidh an duine a chosaint in aghaidh an chórais i Sonraí Pearsanta, ní féidir ach gach rath a ghuí ar a n-iarrachtaí.
Bridget Bhreathnach – Comhar, Meán Fómhair 2009