Aois fir

Scéal garsúin sna déaga luatha a chaitheann teacht in aois fir gan choinne. Scéal farraige, seoltóireachta agus bádóireachta ar chósta thoir theas na hÉireann. The story of a boy in his early teens who has to grow up suddenly. A story of the sea and sailing on the south east coast of Ireland.

10.00

Stoc ar fáil

[flipbook-popup id=”aoisfir”]

Léigh sliocht as an leabhar >>

[/flipbook-popup] Eachtra farraige é Aois fir. Tá garsún sna déaga luatha i mbun bád seoil leis féin ar an bhfarraige mhór. Tá a athair agus a uncail ina bpleisteanna ag a gcuid ólacháin ar an mbád. Ní haon chabhair iad. Ní mór don ngarsún a bheith ina fhear anois, aghaidh a thabhairt ar a chuid eaglaí, teacht ar a mhianach, agus é i ngalar na gcás. Is gearr go mbeidh sé ina oíche. Ní mór dó an bád, é féin agus na fir a thabhairt slán. Pé hiad féin, na fir. Pé rud é, bheith i d’fhear. Tá closleabhar ar fáil má chliceálann tú anseo.



Meáchan 250 g
Leathanaigh

100

Léaráidí le

Olivia Golden

Léirmheas ag Aonghus Ó hAlmhain: ‘Aois Fir: Imram Mara agus Eachtra teacht in Inmhe’

‘Seod is ea an úrscéal seo, curtha inár láthair i seod de leabhar le léaráidí áille. […] Oscailt pléascach atá san leabhar; an aosánach ag halmadóir an bháid, imníoch. Diaidh ar ndiaidh tuigeann muid nach bhfuil sé ar a shuaimhneas, nach aistear atá anseo go bhfuil taithí aige ar a bheith ag láimhséail bád uirthi. Agus tá an aimsir ag dul chun doinnine. […] Táim sásta gur ghéill mo don gcathú agus gur cheannaigh mé an leabhar seo.’

Léigh an blag ar fad anseo


 

Tom Jeffers, ag scríobh san iris Comhar Bealtaine 2016.
‘An bua atá ag an leabhar seo […] ná an taifead scéalach a thugann Ó Muirthile ar dhreach farraige iarthar Chorcaí. Tá saibhreas dochreidte sna cuntais ar na héin, na héis, na deilfeanna fiú (‘holg geal bán, agus súil lán de mheidhir an áthais’). Leathann radharc an scéil féin amach ón mbád cúng, os a cionn-san agus i bhfad i gcéin. Feicimid na soilsa sna cuanta mórthimpeall agus tinte Oíche Shamhna ar lasadh ar na cnoic. Cruthaímid ár léarscáil féin.’