Foréigean baile, saol scriosta, pósadh cliste. Éalaíonn Bríd ó Ghaoth Dobhair le dul i mbun iriseoireachta i mBaile Átha Cliath. Iriseoir díograiseach, ábalta agus cumasach í, a mhúchann na cuimhní cráite le tréan oibre. Titeann saol Bhríd as a chéile agus í ag fiosrú scéil ar a fód dúchais nuair a aithníonn sí go bhfuil a mac féin ina chroílar.
An tIriseoir
Foréigean baile, saol scriosta, pósadh cliste. Éalaíonn Bríd ó Ghaoth Dobhair le dul i mbun iriseoireachta i mBaile Átha Cliath… ach an féidir éalú riamh i bhfírinne? Domestic violence, a broken marriage, a life destroyed. Bríd escapes from Gweedore to embark on life as a journalist in Dublin…but can you ever escape the past?
€8.00
Stoc ar fáil
Meáchan | 100 g |
---|---|
Clúdach | bog |
Foilsithe | 2016 |
Scott de Buitléir, údar agus file, ar a bhlag.
‘Tá scríbhneoireacht Mhichelle Nic Pháidín breá soléite, agus is féidir a bheith caillte sa chéad leabhar seo ón údar. Tá leibhéil ilghnéitheacha ann sa scéal, a choimeádann greim ar aird an léitheora, agus aimsítear áilleacht i scríbhneoireacht an údair […] Níos fearr fós, is fíor-láidir, cumasach, agus cróga iad na mná sa scéal seo, gan aon fhear chun éinne acu a shábháil. Sábháileann na mná iad féin agus a gcuid teaghlach as an mbaol – teachtaireacht thábhachtach d’aon leabhar, go háirithe i nua-litríocht na Gaeilge agus na hÉireann. B’fhéidir nach raibh sé i gceist ag Michelle Nic Pháidín, ach d’éirigh léi cur leis an seánra feimineach i litríocht na Gaeilge, rud atá rí-luachmhar go deo.’
Léigh an léirmheas ar fad anseo
Robert McMillen, The Irish News.
‘Is iomaí bua atá ag Michelle mar is iriseoir gairmiúil í féin a chaith sealanna leis an Irish Seimineár, an Irish Daily Mirror agus an Star on Sunday. […] Ach is úrscéal é An tIriseoir, togra atá difriúil ar fad ón iriseoireacht a thugann níos mó saoirse don údar dul níos doimhne isteach sa scéal. Agus éiríonn go geal le Michelle ag gach leibhéal.’
Leigh an léirmheas ar fad anseo
Eoin P. Ó Murchú, ar Tuairisc.ie.
‘An bua is mó atá ag an leabhar seo ná an domhan inchreidte spéisiúil a chruthaíonn Nic Pháidín dúinn agus í ag trácht ar an iriseoireacht. Faightear léargas iontach ar an gcaoi a n-oibríonn iriseoirí sna nuachtáin mhóra agus conas mar a mhothaíonn sé dul sa tóir ar scéal ó dhaoine atá tar éis gaol gairid leo a chailliúint. Tá taithí an údair féin, ar iriseoir í, le brath ar an gcuid seo den leabhar.’
Léigh an léirmheas ar fad anseo
Anna Heussaff, in Comhar, Samhain 2016.
‘Éiríonn le Nic Pháidín snátha a scéil a fhí le chéile go cumasach. Cruthaíonn sí an t-atmaisféar bagrach a bhaineann le fiosrú ar ghnó drugaí agus mar a imríonn na contúirtí sin ar intinn Bhríd agus ar shlandáil a muintire. Is úrscéal fuinniúil, comhaimseartha, géarchúiseach é An tIriseoir, a choimeádann an léitheoir ag casadh na leathanach ó thús go deireadh – agus is buanna iad sin, ní foláir a rá, nach bhfuil sách forleathan ar sheilfeanna na Gaeilge go dtí an lá inniu.’