An tearmann
Téann Eoin Ó Síocháin, gníomhaí óg cearta daonna as Co. an Chláir, go dtí an Bhrasaíl chun taighde a dhéanamh ar choimhlint fhuilteach idir treibh bhundúchasach agus úinéirí talún.
€10.00
Stoc ar fáil
Meáchan | 100 g |
---|---|
Leathanaigh | 188 |
Foilsithe | 2016 |
Máire Ní Annracháin, Ollamh le Teanga agus Litríocht na Nua-Ghaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
‘Slogtar an léitheoir isteach sa scéal go dtí an nóiméad deireanach nuair a bhristear alltacht an deiridh orainn… Failtím roimh scéal Gaeilge atá ní hamháin chomh fada sin ó bhaile, sa Bhrasaíl, ach a dhéanann iarracht chomhfhiosach, iarracht a n-éiríonn thar barr léi, cás na háite a cheangal le cás na Gaeilge agus na hÉireann. Molaim an chaolchúis lena ndéantar sin, a léiríonn dainséar na soineantachta agus dainséar na comparáide éasca.’
Eoin P. Ó Murchú, Tuairisc.ie.
‘Tarraingítear isteach sa scéal thú agus éiríonn an-mhaith leis aird an léitheora a choinneáil. Tá plota láidir ag croí an leabhair agus bíonn luas maith faoin insint. Tabharfaidh An Tearmann spléachadh taitneamhach duit ar shaol eile ar fad agus is fiú é a léamh ar an mbonn sin.’
Léigh an léirmheas ar fad anseo
Aonghus Ó hAlmhain, Smaointe Fánacha Aonghusa.
‘Tá sé cuí measaim gur thug Alex an scéal go buaic foiréigneach a fhágann Eoin idir dhá thine Bhealtaine. É ann de thoradh a ghníomhartha éidreoracha féin. Tagann deireadh tobann leis an scéal, é fágtha faoin léitheoir teacht ar a réiteach féin. Modh éifeachtach measaim. Cuireann Eoin míchompord orm. Aithním roinnt dá thréithe ionam féin, seachrán, ag maireachtáil ó lá go lá.’
Léigh an léirmheas ar fad anseo
Seans gur spéis leat...
-
-
-
Idir dhá thír
Úrscéalta agus Gearrscéalta, Úrscéalta agus Gearrscéalta, Úrscéalta agus Gearrscéalta, Úrscéalta agus Gearrscéalta, Úrscéalta agus Gearrscéalta, Úrscéalta agus Gearrscéalta, Úrscéalta agus Gearrscéalta, Úrscéalta agus Gearrscéalta, Ríomhleabhair, Cois Life, Léirmheasanna, Leabhair, Leabhair, Leabhair, Leabhair, Leabhair, Leabhair, Leabhair, Leabhair €10.00