Pianó Mhín na bPréachán

8.00

Stoc ar fáil

Product ID: 32391 ISBN: 9781905560752 Catagóirí: , , Clib:

Máthair shingil óg í Mags, le mac deich mbliana d’aois, Danny, iad beirt ina gcónaí le máthair Mhags, Nancy, i mbaile beag Mhín na bPréachán. Tá Danny meidhreach, croíúil, gealgháireach, agus baineann Nancy a sáith taitnimh as an saol. Ach tá Mags dorcha, gruma, fiú confach. Agus tá imní ag teacht ar Nancy agus ar Danny fúithi. Lá amháin feiceann siad go bhfuil pianó ar díol. B’fhéidir go dtaitneodh ceol an phianó le Mags, agus go gcuirfeadh sé ag gáire arís í. Ach tá a cuid cuimhní féin ag Mags ar cheol agus ar cheol pianó go háirithe.

Meáchan250 g