Duine de shárscéalaithe na Gaeilge
In Eanáir 1952, sé bliaina sula bhfuair Peig Sayers bás, thionscain Coimisiún Béaloideasa Éireann agallaimh léi agus í in ospidéal Naomh Anna, Baile Átha Cliath. Bhí Peig thar a bheith sásta labhairt lena cuairteoirí a raibh Gaeilge Chiarraí ar a dtoil acu agus seanaithne aici orthu. Foilsítear den chéad uair in Níl Deireadh Ráite na haghallaimh sin mar aon le réamhrá tathagach, tráchtaireacht agus aistriúchán Béarla ar iomlán. Cuireann Peig i láthair anseo seanscéalta idirnáisúnta, scéal Fiannaíochta, finscéalta taistealacha, seanchas stairiúl agus sísheanchas, roinnt paidreacha agus tá cúpla léaróid óna mac, Mícheál Ó Gaoithín, mar anlann leo. Léiríonn na taifeadtaí a bua mar scéalaí oilte, a hacmhainn grinn, a móreolas ar scéalta traidisúnta agus a cumas máistriúil á gcur i láthair trí shúile mná. Buanaíon an saothar seo ionad Pheig mar dhuine de shárscéalaithe na Gaeilge agus cinntíonn sé go bhfuil a cuid scéalaíochta le háireamh ar scoth na healaíne béil sa tír seo.
* * Le hábhar fuaime is féidir ioslódáil * *
Foilsitheoir New Island | ISBN 9781848408463 | Leathanaigh 325 | An chéad chló 2020