‘Ach cérbh í Peig Sayers?’
Níobh í in aon chor an tseanbhean ologónach í ar chuir na glúnta de dhaltaí scoile aithne uirthi. Is léir ó chuntais uathu siúd arbh eol dóibh í gur bhean grámhar thuisceanach í a raibh acmhainn grinn inti; bean a fuair blas ar ghal tobac agus ar bhraoinín fuisce, agus a bhí oilte ar chraiceann a chur ar scéal. Saolaíodh Peig i nDún Chaoin i gCo. Chiarraí i 1873. Thug sí bua na scéalaíochta léi óna hathair agus tugadh a sárchuimhne agus an lé a bhí aici le comhludar faoi deara go luath. Phós sí iascaire ón mBlascaod agus chaith sí saol cruógach i dteaghlach líonmhar ag déanamh cúraim don seisear leanbh léi a mhair. Tugann Labharfad le Cách le chéile den chéad uair na taifeadtaí a thóg an BBC & RTE uaithi i 1946, 1947 agus 1953, mar aon le haistriúcháin Bhéarla orthu. Léiríonn siad fairsinge repertoire Pheig idir scéala cráifeacha, paidreacha, scéalta rómánsacha, scéalta faoin osádúr agus cuntais ar an saol a caitheadh tráth ar an oileán ach go bhfuil a chuimhne ag dul i léig anois.
* * Taifeadtaí fuaime ar fáil le híoslódáil * *
Foilsitheoir New Island | ISBN 9781848408456 | Leathanaigh 342 | An chéad chló 2009