Spraoi agus comhrá do gach aois ghrúpa – €25 (CBL san áireamh)
Cluiche don teaghlach nó seomra ranga a spreagfaidh comhrá agus spraoi i measc na n-imreoirí. Buille faoi thuairim – céard atá ionam?
Is féidir le gach imreoir eile an freagra a fheiceáil ach caithfidh tú an freagra a aimsiú trí cheisteanna a chur. Cuirtear na ceisteanna chomh tapa agus is féidir: An ainmhí me? An féidir liom siúl? An as an tír seo mé? An féidir libh mé a ithe? Níl ach dhá nóiméad agat teacht ar an bhfreagra sula scairteann na himreoirí eile an freagra amach!