Stiúideo Eagla

8.00

Stoc ar fáil

Scéal uafáis do dhéagóirí óga. Tá Brian agus Lís an-amhrasach faoi chomhlacht nua teilifíse, Stiúideo Eagla. Níl tásc ná tuairisc ar chara leo, Aindí, ná ar a mhadra, Drannaire, le breis is seachtain. Thart ar an am céanna feiceann siad madra ar chlár teilifíse an chomhlachta atá an-chosúil le Drannaire, cé go dtugtar ainm eile air. Tá Brian agus Lís lánchinnte gur Drannaire atá ann, agus déanann siad a seacht ndícheall an fhírinne a nochtadh.

Tá teannas ag baint le gach leathanach den scéal seo, agus cuirfidh déagóirí óga an-suim ann. Tá dallamullóg curtha ag Stiúideo Eagla ar mhuintir an bhaile, agus is faoi Bhrian agus Lís atá sé a bhfuil ag tarlú a chur ar a súile dóibh, ach an mbeidh an lá leo?!?

Tá an leabhar seo oiriúnach do dhéagóirí óga, san aoisghrúpa 12 – 16.

 

 

Meáchan 250 g