Dlúthchairde iad Manon agus Líosa, beirt chailíní sna déaga, agus cónaí orthu ar oileán Aruba. Caitheann siad a gcuid am saoire ag cadhcáil agus ag siopadóireacht.
Nuair a chasann siad ar chailín dá n-aois féin ina haonar san uisce, tosaíonn eachtraí iomlán nua ag titim amach. Tá an chuma ar an gcailín seo gur tháinig sí ón domhain mhór féin – ach cé chomh daor is a d’íoc sí as na cosa atá aici?
‘Is léir gur scríbhneoir oilte atá againn anseo. Tá bua na samhlaíochta, bua na scéalaíochta agus bua na bhfocal ag an údar seo. Cruthaíonn sí atmaisféar a théann i bhfeidhm ar an léitheoir.’
– Caitríona Ní Chléirchín, file, léachtóir agus criticeoir.