Séanna (2016)
Gréasaí tuaithe é Séanna a dhéanann margadh leis an bhFear Dubh. Tá an t-eagrán seo dírithe ar ghnáthléitheoirí idir óg agus aibí, agus ar fhoghlaimeoirí Gaeilge den uile chineál.
€12.00
Stoc ar fáil
Meáchan | 250 g |
---|---|
Léaráidí le | Olivia Golden |
Leathanaigh | 137 |
Máirín Nic Eoin, Foinse 2-3 Samhain 1996
Eagrán nua den leagan coimrithe den úrscéal Séadna leis an Athair Peadar Ó Laoghaire, leagan a céadfhoilsigh Brún agus Ó Nualláin Teo. sa bhliain 1910, atá san fhoilseachán gleoite seo. Ba í Caoilfhionn Nic Pháidín a chóirigh an t-ábhar don chló, agus cuireann saothar ealaíne Marie-Louise Fitzpatrick – a bhfuil pictiúir dá cuid le feiceáil ar an gclúdach agus mar mhaisiúchán tríd an téacs féin – barr slachta ar leabhar a bhfuil cuma an-tarraingteach an-soláimhsithe air …. Is cinnte, áfach, go meallfaidh an leabhar seo iad [ páistí ] agus déarfainn go gcuirfidh go leor daoine fásta suim san eagrán nua freisin. Is comaoin mhór ar an téacs an dlúthdhiosca a ghabhann leis, áit a bhfuil an scéal á léamh le blas binn Corcaíoch ag an bhfile Liam Ó Muirthile. Dhéanfadh sé an-bhronntanas go deo.