Scéalta le hinsint don ghealach – ()

Athinsint bhríomhar ar scéalta traidisiúnta ón mbéaloideas curtha in oiriúint do pháistí. Meascán de scéalta gaiscíochta agus tóraíochta, agus scéalta grinn, roinnt acu bunaithe ar insintí i mBailiúchán na Scol.

12.00

Stoc ar fáil

Léigh sliocht as an leabhar >>

Téigh ag eitilt le Cóitín Luachra, ag scéalaíocht le Cú Chulainn, agus ag gaiscíocht leis na Fianna! Agus léigh an scéal ab fhearr dár insíodh riamh…

Athinsint bhríomhar ar scéalta traidisiúnta ón mbéaloideas curtha in oiriúint do pháistí. Meascán de scéalta gaiscíochta agus tóraíochta, agus scéalta grinn, roinnt acu bunaithe ar insintí i mBailiúchán na Scol.

Gearrliosta Ghradam Réics Carló 2018.

Meáchan 250 g
Toisí 21 × 0.8 × 21 cm
Clúdach

bog

Foilsithe

2018

Léaráidí le

Olivia Golden

Leathanaigh

100

Ann Marie O’ Donovan, Scoil Naomh Micheál, An Dúcharraig, Corcaigh. Seomra Ranga.

‘Ó thaobh litríochta agus ealaíne de, is leabhar álainn é seo. Thosnaíos á léamh le mo rang (4ú go 6ú) tar éis aonad faoin mbéaloideas. Chomh maith leis sin táim tar éis an leabhar a úsáid mar bhunús do roinnt ranganna ealaíne agus dánta. Tá sceitseanna Olivia Golden go gleoite agus cabhraíonn siad go mór do thaithneamhacht an bhailiúcháin.

Tá an litríocht sna scéalta simplí go leor chun tuiscint, ach tá a lán saibhreas ag baint leis. Tá sé cabhrach go bhfuil foclóir do na focail neamhchoitianta ag deireadh an leabhair. Táim ag tnúth leis an leabhar seo a úsáid tríd an bhliain chun é léamh os ard sa rang agus táim lánsásta é a mholadh.’

Is féidir an léirmheas iomlán a léamh anseo >>