Úrscéalle foclóirín Gaeilge-Béarla. Tá Willem-Jan deich mbliana go leith d’aois. Cuirtear cor ina shaol nuair a shocraíonn sé nach maith leis an t-ainm Willem-Jan agus gur Maistín an t-ainm a bheidh air feasta. Éalaíonn sé leis ón mbaile is tugann a aghaidh ar shoilse mealltacha na gealchathrach. Cuireann sé eolas ar shaol urchóideach eile nuair a bhuaileann sé le cailín sé bliana déag d’aois, Ine, ar striapach í, agus le fear siúil atá tugtha don ól.