Age Group: 13 – 15 years of age.
Cailín óg aonarach meánscoile í Ciara Ní Cholmáin a bhfuil an ghráin ag Sandra uirthi; tá Sandra ard agus dathúil le go leor cairde – agus buachaill! – aici. Tá Ciara bhocht ciaptha agus céasta ag Sandra agus a cairde – roimh scoil, le linn na scoile agus tar éis na scoile.
Ní hamháin sin ach tá sí ag fáil téacsanna gránna agus tá pictiúir di á gcur suas ar an suíomh labhairamach.com ag duine anaithnid éigin. Ach díreach agus Ciara in umar na haimléise castar cara nua uirthi, cara cosúil léi féin, cara nach ligfidh síos í agus a thiocfaidh i gcabhair uirthi in am an ghátair. Gearr-úrscéal cumhachtach a thugann léargas truamhéalach ar bhulaíocht an lae inniu i scoil dara leibhéal.
Áine Uí Fhoghlú
Údar, file agus múinteoir meánscoile í Áine Uí Fhoghlú as Gaeltacht na Rinne, Co. Phortláirge. Is é seo an cúigiú saothar ficsin uaithi agus tá trí chnuasach filíochta foilsithe aici. Tá duaiseanna litríochta buaite aici, ina measc Oireachtas na Gaeilge, Seachtain na Scríbhneoirí Lios Tuathail agus Gradam Filíochta Mhíchíl Uí Airtnéide. Múineann sí an scríbhneoireacht chruthaitheach do dhaltaí meánscoile agus tá tréimhsí cónaitheachta déanta aici i scoileanna éagsúla.
Tá saothair thaighde léi craolta agus foilsithe i bhfoilseacháin éagsúla agus tá sparánachtaí agus coimisiúin bronnta uirthi ag an Chomhairle Ealaíon, Ealaín na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge. Ficsean: Crúba na Cinniúna (2009); Uisce Faoi Thalamh (2011); Pincí sa Ghaeltacht (2012) agus Éalú (2013). Filíocht: Aistear Aonair (1999); An Liú sa Chuan (2007); Ar an Imeall (2011).