Sladmhargadh!

Lá leis na Lochlannaigh – ()

Tá Cormac agus Brídín ar bís le stopadh tí Mhamó agus Daideo arís. Tá siad ag súil le heachtra spleodrach stairiúil eile tríd an doras draíochta. Ach, nuair a thaistealaíonn siad go Duibhlinn na Lochlannach, tá dainséar agus priacal san aer.

4.00

Stoc ar fáil

Léigh sliocht as an leabhar >>

Tá Cormac agus Brídín ar bís le stopadh tí Mhamó agus Daideo arís. Tá siad ag súil le heachtra spleodrach stairiúil eile tríd an doras draíochta. Ach, nuair a thaistealaíonn siad go Duibhlinn na Lochlannach, tá dainséar agus priacal san aer. An éireoidh leo teacht slán ón chontúirt? Agus cad a gheobhaidh siad amach faoi fhíorshaol na Lochlannach?

Seo é an dara saothar ag Máire Zepf, ba é Tubaiste ar an Titanic (Cló Mhaigh Eo 2012), scéal eile le Cormac agus Brídín, an chéad leabhar léi. Tá Lá leis na Lochlannaigh fóirsteanach do léitheoirí san aoisraon 9+, agus é maisithe le léaráidí gleoite le Olivia Golden.



Meáchan 100 g
Léaráidí le

Olivia Golden

Leathanaigh

74

Foilsithe

2016

Áine Ní Ghlinn (údar Daideo)

‘Spraoi agus scléip in aon scéal amháin. Samhlaímid muid féin i gceartlár na staire i dteannta na bpáistí.’


Réaltán Ní Leannáin

‘Scéal a ritheann agus a chasann go gasta atá ann, faoi bheirt pháiste a bhogann go draíochtúil tríd an am go dtí aimsir na Lochlannach. Tá scéal daonna, insuime ag rith tríd an leabhar ach nósanna agus saol na Lochlannach fite fuaite tríd an iomlán.’

Léigh an léirmheas ar fad anseo.


Enda McKenna in Inis, iris le Children’s Books Ireland, Iúil 2016.

‘Éiríonn thar barr le Zepf scéal spleodrach a fhí leis an stair ina steillbheatha. Cuirtear radhairc, fuaimeanna agus bolaithe chúlsráideanna Dhuibhlinn os ár gcomhair ar bhealach a thaitneodh leis an léitheoir óg. Tá bulaí ann, robáil, claimhte, cairdeas agus teannas go dtí an chaibidil dheiridh. Tagraíonn Zepf d’iarsmaí ón ré atá ar taispeáint in Ard-Mhúsaem na hÉireann agus in Iarsmalann Uladh. D’fhéadfadh tuismitheoirí an scéal a léamh lena bpáiste agus ansin cuairt a thabhairt ar an iarsmalann chun an stair a fheiceáil beo, nó d’fhéadfadh múinteoir é a léamh le rang.’