Sladmhargadh!

Katfish agus Scéalta Eile

4.00

Stoc ar fáil

Aoisghrúpa: 13 – 15 bliain d’aois. 

Cnuasach gearrscéalta a phléann téamaí shaol an lae inniu, idir shean agus nua: grá agus gruaim, fás agus dreo, titim agus éirí. Leabhar nua ó údar óg a bhain cáil amach lena chéad leabhar do dhéagóirí, Cúpla. Is cinnte go mbainfidh déagóirí an taitneamh céanna as an saothar seo. Buachaill siopa agus brionglóid aige éalú; súil siar ar Nollaig chrua gan trócaire; fear céile ag féachaint i ndiaidh a mhná fiú tar éis a bháis; bás tragóideach dearthár de dheasca faillí; agus beirt a bhfuil caidreamh acu le chéile ar an idirlíon amháin agus iad beirt ag iarraidh bob a bhualadh ar a chéile. 

Ógie Ó Céilleachair

Is as Gaeltacht na Rinne sna Déise d’Ógie Ó Céilleachair. Tar éis dó freastal ar an mbunscoil agus an mheánscoil sa Rinn, bhain sé amach céim onórach sna hEalaíona i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Chuaigh sé ar aghaidh chun Ard Dioplóma san Oideachas a dhéanamh in Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus ina dhiaidh sin d’éirigh leis máistreacht a bhaint amach i dTeagasc Teangacha in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉG.

Caitheann Ógie a chuid ama idir an Rinn agus Luimneach. Múinteoir Gaeilge, staire & drámaíochta é i nGaelcholáiste Luimnigh, áit a scríobhann agus a léiríonn sé dráma leis an idirbhliain go bliaintiúil. Is é Katfish agus Scéalta Eile an tríú foilsiúchán aige. Tá téacsleabhar staire don Teastas Sóisearach, An Cúrsa Iomlán Staire, foilsithe aige. Sa bhliain 2011 d’fhoilsigh sé an t-úrscéal do dhéagóirí, Cúpla, le Cló Iar-Chonnacht. 

Meáchan 100 g

Just in time for Halloween, Aonghus Ó hAlmhain checks out this collection of dark, contemporary short stories by Ógie Ó Céilleachair.

Sraith gearrscéalta láidre comhaimseartha curtha inár láthair anseo ag Ógie Ó Céilleachair. Tá siad dírithe ar dhéagóirí idir 13 agus 15, ach feiliúnach do léitheoirí níos sine freisin. Tá dorchadas iontu, agus teannas. Ábhar machnaimh agus plé.

Anois is arís tá botún ealaíona déanta ag an údar, ach is annamh iad agus ní scriosann siad na scéalta. Réalachas inchreidte, agus ní sheachnaíonn sé ceisteanna fearacht tromaíocht agus mí-úsáid.

Baineann an chéad scéal le cluiche iomána agus an streachailt síceolaíochta idir imreoir agus a mharcálaí. Mhothaigh mé go raibh mé ar an bpáirc! Tá an teideal scéal ‘Katfish’, faoi chaidreamh ar líne an-láidir agus casadh cliste ann.

Bainfidh léitheoirí tairbhe agus sult as ainneoin an dorchadas.
Katfish agus Scéalta Eile, léirmheas le Aonghus Ó hAlmhain, Gobblefunked.com, 18 Deireadh Fómhair, 2017

Craoladh clár speisialta den Saol Ó Dheas ó Rinn Ua gCuanach le déanaí, áit ar labhair Helen Ní Shé le hÓgie Ó Céilleachair, a bhfuil cnuasach gearrscéalta dírithe ar dhaoine óga foilsithe aige le déanaí.

Katfish agus Scéalta Eile, teideal an leabar nua atá scríofa ag Ógie Ó Céilleachair agus foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht.

Deir Ógie gur thóg sé trí nó ceithre seachtaine air athscríobh a dhéanamh ar trí nó ceithre de bhlianta de smaointí leis a gcnuasach gearrscéalta a thabhairt le chéile. Múinteoir meánscoile is ea Ógie atá ag obair i Luimneach i láthair na huaire, chuige sin, tá sé ciallmhar go dtabharfadh sé faoi leabhar atá dírithe ar dhéagóirí.

Deir sé go mbíonn ‘taithí laethúil’ aige le daoine óga ón obair a dhéanann sé. Thug Helen cnuasach ‘ildánach’ air ach go bhfuil daoine óga i ngach aon cheann acu. Luann Ó Céilleachair go bhfuil cuid de na scéalta a chloistear ar na meáin maidir le sárú phríobháideachas na ndaoine óga faoi chaibidil aige sa chunuasach.

Admhaíonn Ó Céillchair go bhfuil nósanna scríbhneoireachta cothaithe aige ‘na scéalta próis a scríobhaim, bíonn siad dorcha go go leor agus ansin na rudaí a chuirim ar stáitse ag an Oireachtas, bíonn siad greannmhar, nó tá siad in ainm agus a bheith greann mhar, pé scéal e.

Thug an t-údar blaiseadh dá dhaltaí sular foilsíodh iad ar mhaithe le cruinneas ach go háirithe maidir le ceist na n-emojis… ar eagla go mbeadh cuma seanfhaiseanta ar an téacs!

Maidir le réim teanga, deir Ógie go mbíonn claonadh aige ar shimplíocht agus go mbíonn sé ‘ar m’intinn agam gur fhoghlaimeoirí a bheidh á léamh ach bainim triail as rud nó dhó canúnach a shleamhnú isteach, faoi shrón an eagarthóra.’
Ceist an emoji agus eile faoi chaibidil in Katfish, alt ar RTE.ie, 24 Lúnasa, 2017.