I measc vaimpírí

An tríú húrscéal sa tsraith vaimpíre le hOrna Ní Choileáin.

8.00

Stoc ar fáil

[flipbook-popup id=”i_measc_vaimpiri”]

Léigh sliocht as an leabhar >>

[/flipbook-popup] Tá Ailfí agus Marius, a chara vaimpíre, sa Trasalváin. An bhféadfadh an vaimpír eitilt a mhúineadh dá chara? Nó, áitiú air triail a bhaint as cónra? Ach is nithe iad siúd atá ag cur intinn na mbuachaillí ar seachrán ón gcúis ar tháinig siad chuig tír na vaimpírí ar an gcéad dul síos. Agus cá fhad a mhairfidh siad ann? Do dhaoine óga fásta (10–13) agus do dhaoine fásta óga de gach aois! Seo an tríú leabhar sa tsraith seo. Foilsíodh Ailfí agus an vaimpír in 2012 agus Vaimpír san áiléar in 2013. Foilsíodh an leabhar deireanach, Greim na vaimpíre, in 2017.



Meáchan 250 g
Leathanaigh

150

Foilsithe

2015

Comhar, Meitheamh, 2015
Is é I Measc Vaimpírí an tríú leabhar sa tsraith do dhaoine óga scríofa ag Orna Ní Choileáin faoin mbuachaill óg, Ailfí, agus a chara Marius, an vaimpír feoilséantach. Admhaím nár léigh mé Ailfí agus an Vaimpír ná Vaimpír san Áiléar , an dá leabhar a tháinig roimh I Measc Vaimpírí . Ní dóigh liom, áfach, gur chuir sin aon bhac orm an scéal a thuiscint. Tugann Ní Choileáin an t-eolas cuí thíos tríd an leabhar agus ní bhíonn an léitheoir i bponc ag iarraidh aon chuid den scéal a oibriú amach. Sa leabhar seo tá na buachaillí ag dul chuig an Traslaváin. Tá leithscéal acu dul ann toisc go bhfuil post mar aisteoir i scannán faighte ag Marius ach, déanta na fírinne, is ar thóir mhuintir Marius, a chuaigh ar strae sa chéad leabhar sa tsraith, atá siad.

Is do dhaoine óga ‘fásta’ atá an scéal scríofa, is é sin le rá, dóibh siúd idir 10-13 bliana. Dealraíonn sé go bhfuil fios a gnó ag Ní Choileáin ó thaobh a bheith ag freastal ar an spriocmhargadh sin. Insítear an scéal go sciobtha sa chéad go leith leathanach, idir na caibidlí gearra agus an plota simplí. Is fíor go bhfuil an foclóir dúshlánach go leor ach tá gluais, ar leabharmharc é, ag gabháil leis an leabhar agus is mór an chabhair é don léitheoir a bheith in ann breathnú uirthi sin go gasta seachas dul i muinín an fhoclóra. Feictear dom chomh maith go rachaidh léitheoirí i dtaithí ar roinnt focal agus téarmaí nua sa chéad dá nó trí chaibidil agus go mbeidh sé níos éasca dóibh ina dhiaidh sin.

Tugann Ní Choileáin saothar ‘nua-aimseartha’ ar a cuid scéalta. Is minic a dhíríonn sí ar chúrsaí teilifíse, teicneolaíochta agus airgid sa saol mar atá anois ann, agus tá sé ráite aici cheana nach bhfuil go leor de sin i leabhair Ghaeilge. Cé gur scéal vaimpírí é seo, tá an leabhar lonnaithe sa lá atá inniu ann agus, mar a bheifí ag súil leis i measc dhéagóirí na linne seo, bíonn teicneolaíocht de gach saghas á húsáid ag na buachaillí. Éiríonn go maith leis seo agus baineann Ní Choileáin seift as ar bhealach nádúrtha le fadhbanna sa scéal a fhuascailt. Mar shampla, nuair a theastaíonn ó Marius taisteal go dtí an Traslaváin leis féin, ba mhaith le hAilfí súil a choinneáil ar an aistear ar shlí éigin. Réiteach na faidhbe ná fón póca a thabhairt do Marius ar a bhfuil aip nua íoslódáilte aige – gléas rianaithe atá nasctha lena tháibléad féin. Is fíor gur féidir le teicneolaíocht, mar shampla an fón póca, a bheith mar namhaid ag scríbhneoirí agus go seachnaíonn siad a leithéid (is féidir le glaoch sciobtha amháin deireadh a chur le teannas nó mistéir go héasca!) ach úsáideann Ní Choileáin chun a leasa féin é.

Tá acmhainn mhaith grinn ag Ní Choileáin agus tuigeann sí na tuiscintí traidisiúnta ar vaimpírí atá ag a cuid léitheoirí, agus bíonn spraoi aici leo. Mar sin, ní mór do na buachaillí donnú bréige a fháil do Marius le go mbeidh sé infheicthe ar ceamara, agus nuair a itheann Marius briosca ag pointe amháin go dtachtann sé, míníonn sé dóibh siúd ina thimpeall go bhfuil ‘ailléirge ghairleoige’ air. Feictear dom gur sonraí samhlaíochta mar sin a chuireann barr feabhais ar an leabhar. Tá sé de bhua ag Ní Choileáin go bhféadfaidh sí cur le coinbhinsiún an traidisiúin ar bhealach cruthaitheach, rud a thugann úire don scéal. An sampla is fearr, agus an eachtra is mó a thaitin liom sa leabhar, ná nuair a théann Ailfí agus Marius chuig siopa cónraí. Tugann an saor cónraí síos trí dhoras rúnda iad, síos pasáiste dorcha, isteach i seomra taispeántais na gcónraí. Éiríonn chomh maith sin leis an eachtra toisc na sonraí beaga greannmhara: cónra a bhfuil clúdach cróim uirthi, cónra ina bhfuil córas aerchóiriúcháin, agus fiú cónra atá ina leaba ghréine! Ba dheas cur síos saibhir den leibhéal sin a bheith sa leabhar ó thús go deireadh. Is leabhar maisithe é seo, ina bhfuil léaráidí beaga dubh agus bán gach sé nó seacht leathanach nó mar sin. Mar a dúirt mé, tá Ní Choileáin tar éis domhan a chruthú sa tsraith seo, agus is mór an trua nach bhfuil an tsamhlaíocht chéanna le feiceáil sna pictiúir a ghabhann leis an scéal. Is cosúil le fáisc-ealaín atá fórmhór díobh – léaráidí loma de chrann, scuab, nó tine mar shampla. Ní hé go mbaineann na léaráidí ón scéal, ach is dóigh liom go raibh deis ann cur leis an scéal le léaráidí níos spraíúla, pictiúir a bheadh ag freagairt díreach d’eachtraí ar leith sa scéal.
Léirmheas le Ciara Ní Éanacháin

Róisín AdamsInis, Eanáir, 2015
Seo chugainn an tríú himleabhar i sraith Orna Ní Choileáin faoin mbuachaill óg Ailfí agus a chara Marius, an vaimpír feoilséantach. San eachtra seo, taistealaímid chuig an gceantar is mó a luaitear leis na vaimpírí, an Traslaváin, ar thóir mhuintir Marius. Ní mór dom a admháil nach bhfuil an chéad dá leabhar sa tsraith seo léite agam go fóill, agus sílim gur chaill mé cuid de thaitneamh iomlán an leabhair dá dheasca. Is dea-theist é sin ar fheabhas na carachtrachta, áfach 0 is léir go bhfui forbairt mhaith déanta ag Ní Choileáin ar phearsantacht na gcarachtar indibhidiúil sa tsraith, agus cé go raibh tuiscint éigin agam ar thréithe Ailfí, Marius agus araile faoi dheireadh an leabhair, is mór an fonn atá orm anois dul siar chuig an gcéad dá leabhar agus aithne cheart a chur orthu.

É sin ráite, bhí mé fós in ann taitneamh mór a bhaint as an scéal, gan mórán réamheolais. Cé go bhfuil deacrachtaí ag baint le freastal a dhéanamh ar spriocmhargadh Ní Choileáin, éiríonn thar barr léi in I Measc Vaimpírí. Tá foclóir an leabhair dúshlánach, ach go spreagfaidh corraí, teannas agus greann an scéil an léitheoir óg chun na dúshláin sin a shárú. Bhain mé sult ar leith as eachtra amháin sa leabhar in dtugann an bheirt chairde cuairt ar shiopa cónraí, agus feiceann siad na gléasanna codlata is nua-aimseartha do vaimpírí – cónaí a bhfuil córas teasa nó córas aerchóirithe iontu, nó fiú cónraí a fheidhmíonn mar leapacha gréine! Scéal lán samhlaíochta lán grinn is ea an scéal seo, a oirfidh do dhaoine óga a bhfuil cumas maith Gaeilge acu. 10-12.