40%
Lascaine

Hurlamaboc – ()

Eachtraí triúr déagóirí i mbruachbhaile i mBaile Átha Cliath – Ruán, Emma agus Colm. Úrscéal sárdhíola sa 4ú cló anois. Caibidil 1 ar an gcúrsa Ardteiste.

10.00 6.00

Stoc ar fáil

Eachtraí triúr déagóirí i mbruachbhaile i mBaile Átha Cliath – Ruán, Emma agus Colm. Comharsana ar comhaois, iad ar fad ag ullmhú don Ardteist, ach éagsúil ó thaobh cúlra, aicme agus pearsantachta. Cuireann timpiste gach rud bunoscionn. Cuireann siad aithne níos fearr ar a chéile agus i ndiaidh an hurlamaboc go léir, tá fás agus forbairt tagtha orthu. Aithneoidh gach déagóir Ruán, Emma agus Colm. Bainfidh siad pléisiúr as a bheith ina dteannta ina gcuid eachtraí fáis. Tugtar léargas géar sa leabhar ar an seoinínteacht agus ar na réamhchlaonta atá i réim in Éirinn inniu. Úrscéal greannmhar, soléite, spreagúil a mbainfidh an uile léitheoir idir óg agus aibí, sult as.

Foilsíodh an saothar seo i Gàidhlig freisin faoin teideal Ùpraid (2006).

Léigh agallamh le hÉilís ar Beo!: http://www.beo.ie/alt-eilis-ni-dhuibhne.aspx



Meáchan 250 g
Leathanaigh

160

Foilsithe

2006

Archaeology Ireland – Márta 2006

Saol na linne i mbruachbhaile de chuid na príomhcathrach mar a mhaireann lucht rachmais agus daoine daibhre, teaghlaigh ‘ghnácha’ agus teaghlaigh beagán eisceachtúil é agus an tslí a dtagann déagóirí slán tríd is ábhar don úrscéal seo. Triúr atá i gceist anseo – Ruán, Colm agus Emma- agus tá fadhbanna agus dúshláin i gceist ag gach duine acu. Cuirtear béim ar an aicmeachas agus an tseoinínteacht a bhaineann leis an saol mar a mhairimid in Éirinn é faoi láthair. Tá sé le haithint ar an gcaoi a láimhseálann Éilís Ní Dhuibhne na carachtair agus na téamaí go bhfuil fios a ceirde go maith aici. Ní hionadh go bhfuil go leor duaiseanna liteartha buaite aici.


Ciarán Mac Murchaidh, The Irish Book Review – Summer 2006

Úrscéal dírithe ar dhéagóirí atá i gceist le hurlamaboc, cé go bhféadfadh foghlaimeoirí fásta sult agus tairbhe a bhaint as fosta. Tá leibhéal na teanga éasca go leor agus níor chóir go gcuirfeadh sé stró rómhór ar léitheoirí óga an leabhar a láimhseáil. Mar sin féin, beidh caighdeán measartha maith Gaeilge de dhíth ar léitheoir chun an scéal a léamh ar a shuaimhneas. Taitneoidh an úsáid fhorleathan a bhaintear as gnáth-theanga dhéagóirí an lae inniu le léitheoirí óga – na téarmaí sin atá ag an aos óg ón teilifís nó as a measc féin, cool, No way!, bogger, scobie, creep agus a leithéid. Saol na linne i mbruachbhaile de chuid na príomhcathrach mar a mhaireann lucht rachmais agus daoine daibhre, teaghlaigh ‘ghnácha’ agus teaghlaigh beagán eisceachtúil é agus an tslí a dtagann déagóirí slán tríd is ábhar don úrscéal seo. Triúr atá i gceist anseo – Ruán, Colm agus Emma- agus tá fadhbanna agus dúshláin i gceist ag gach duine acu. Cuirtear béim ar an aicmeachas agus an tseoinínteacht a bhaineann leis an saol mar a mhairimid in Éirinn é faoi láthair. Tá sé le haithint ar an gcaoi a láimhseálann ÉiCiallaíonn ‘hurlamaboc’ raic, rírá, nó achrann de chineál éigin agus tarlaíonn hurlamaboc i saol an triúr déagóirí, Ruán, Emma agus Colm, atá lárnach san úrscéal. Baineann siad le haicmí éagsúla sóisialta (téama a ndéantar a mhór de san úrscéal), cé go bhfuil cónaí orthu gar dá chéile. Bhí Ruán agus Colm ar an bhunscoil le chéile ach d’fhreastail siad ar mheánscoileanna difriúla. Is é an hurlamaboc a tharraingíonn eachtraí a saoil le chéile i rith an leabhair. Tá cónaí ar Emma gar go leor don bheirt eile agus fágann sin go gcaitear le chéile i dtriantán eachtraí iad. [Níl sé i gceist agam an hurlamaboc a lua anseo as siocair go scriosfadh sé éirim an scéil ar dhuine ar bith nach bhfuil an t-úrscéal léite acu.]

Caitheann an t-údar giota maith de chuid tosaigh an leabhair ag cur na gcarachtar ar aithne don léitheoir agus ag dathú a gcúlra ar mhaithe leis sin. Gluaiseann an scéal beagáinín malltriallach ag an tús dá bharr sin. Is é Ruán príomhcharachtar an scéil. Faigheann an léitheoir blas éifeachtach ar ‘fhoirfeacht’ a mháthar, Lisín. (Chuir sí carachtar as Desperate Housewives i gcuimhne domhsa.) Is gasúr cruthaitheach neamhspleách é Ruán. Ba mhaith leis ealaín nó scannánaíocht a dhéanamh i ndiaidh na hArdteiste ach tá a mháthair ina choinne sin. Faigheann an léitheoir léargas maith ar an chineál ardnósachta a bhaineann le roinnt daoine in Tá cóisir ag Lisín agus a fear céile, Pól, go luath san úrscéal le cuimhneachán fiche bliain a bpósta a cheiliúradh. Imíonn siad chun na Tuirce ar feadh seachtaine ina dhiaidh sin ar laethanta saoire. Tá Ruán fágtha sa teach leis féin ós rud é go bhfuil a dheartháir, Cuán, imithe chun fanacht le cairde. Is le linn do na tuismitheoirí a bheith ar shiúl ar a gcuid laethanta saoire a tharlaíonn an hurlamaboc. Cuirtear na croícharachtair eile in aithne dúinn de réir a chéile. Tá cúlra Choilm garbh go leor. Fágann fadhb ólacháin a athar go mbuaileann sé an líon tí, an mháthair go háirithe, go minic. Tá Colm féin i gcoinne an alcóil as siocair an dochar a dhéanann sé ina shaol féin agus i saol daoine i gcoitinne. Tugtar léiriú maith anseo ar a ghairbhe atá an saol ag cuid d’aos óg an lae inniu agus ar na deacrachtaí nó na dúshláin a bhíonn rompu sa saol. Éiríonn le hÉilís Ní Dhuibhne plé cumasach a dhéanamh ar an choimhthiú agus ar an imeallú sóisalta trí shúile déagóra sa snáithe seo den phlota fosta.

Nuair a chuirtear Emma ar aithne dúinn ar deireadh comhlíontar an triantán carachtar seo. Tá a máthair, Eibhlín, scartha ó athair Emma. Seán is ainm dó siúd. Fágann sin go ndéantar iniúchadh áirithe ar chás na máthar aonair mar shnáithe sa scéal agus is cinnte gur téama é sin a thuigfidh go leor daoine óga a léifidh an t-úrscéal seo, fiú mura bhfuil taithí ar a leithéid acu. Faighimid amach gur cailín neamhspleách stuama atá in Emma. Tá an-suim aici sa léitheoireacht, cé go gceileann sí é sin ar gach duine seachas ar a hathair atá ina fhile Gaeilge agus a bhfuil sí mór leis. Tá sí cairdiúil le Ruán agus tá suim aici ann ach síleann sí nach gcuireann seisean aon suim ar leith intise. (Tugann sé sin an ‘love interest’ san úrscéal seo dúinn.)

Bainfidh léitheoirí, idir óg agus fhásta, sult as an úrscéal seo. Scíthléitheoireacht atá ann agus baineann an t-ábhar le saol comhaimseartha Bhaile Átha Cliath agus leis an chineál éirí in airde a bhaineann le cuid de sin, chomh maith le cuid dá dhuairceas. Níl sé éasca ar scríbhneoir teacht i dtír ar ghuth údarach déagóirí agus é sin a dhéanamh ar bhealach a thaitneoidh leis an dream céanna. Tá an-iarracht déanta ag Éilís Ní Dhuibhne an blas iontaofa sin a aimsiú, agus a shuíomh i scéal a iompróidh suim an léitheora ó thús go deireadh. Cloch eile ar charn ábhar léitheoireachta Gaeilge na n-óg atá anseo agus ba chóir é sin a cheiliúradh.


Ruaidhrí Ó Báille – Inis, Winter 2006, No. 18

Is é Hurlamaboc a céad leabhar Gaeilge do dhéagóirí agus tá macalla de thráchtaireacht shóisialta Dúnmharú sa Daingean le fáil ann. Triúr déagóirí cathrach is ea Ruán, Colm agus Emma. Ach cé gur den chathair chéanna iad, ní den aicme céanna iad. Tá tuismitheoirí Emma scartha agus tá fear gránna nua ag a máthair. Cónaíonn sé leo ina n-árasán beag. De theaghlach saibhir é Ruán. Bean mhórchúiseach ardnósach is ea mháthair Emma. Tuigeann Emma an méid sin fiú mura dtuigeann Ruán féin go hiomlán é. De theaghlach foréigneach é Colm. Is na theach siúd a tharlaíonn Hurlamaboc an teidil. Fear garbh trodach is ea a athair. Bean lag atá ina mháthair agus tugann an laige sin uirthi a mac a ligean síos go dona. Nuair a mharaítear tuismitheoirí Ruáin i dtimpiste bhóthair sa Tuirc, caitear an triúr le chéile ar bhealach nach dtarlódh go hiondúil, b’fhéidir i ngnáth-imeacht an tsaoil. Maidir le cúrsaí stíle, glacaim leis gur ar son na éagsúlachta a chuireann Éilís an méid sin focal agus nathanna Béarla i mbéal na ndéagóirí, ach is mó a bhaineann siad d’éifeacht an leabhair ná a mhalairt. Agus mé ag léamh Hulamaboc, ní fheadfainn an tuairim a dhíbirt as mo cheann gur Béarla dheisceart Átha Cliath a bhí á labhairt ag na carachtair dairíre, agus gur ag aistriú a gcuid cainte go Gaeilge a bhí Éilís. É sin ráite áfach, scéal é Hurlamaboc a thugann ábhar machnaimh don léitheoir agus a phléann leis an teacht in aois ‘déagórach’ ar bhealach tuisceanach comhbhách. Bronnadh gradam ar Hurlamaboc sa rannóg ‘Ficsean do Dhaoine óga’ i gComórtas Liteartha an Oireachtais i mbliana (2006).