Greim na vaimpíre

An ceathrú leabhar sa tsraith vaimpírí

8.00

Stoc ar fáil

Caitheann Marius, an vaimpír, a shaol ar a sháimhín só fad is atá a sháith rollóga figí aige. In ainneoin iarrachtaí a chara Ailfí, is beag suim a chuireann Marius i gcúrsaí an tsaoil mórthimpeall air go dtí go dtugann sé faoi deara cailín atá pas beag cosúil leis féin. Éiríonn an vaimpír níos dána agus é ag iarraidh a chuid buanna buacacha vaimpíreacha a léiriú di. Tá imní an domhain ar Ailfí go dtarraingeoidh an vaimpír aird air féin. Nach bhfuil an ceart aige a bheith buartha! Ní gach duine atá sásta maireachtáil taobh le vaimpír, fiú más feoilséantóir é… Tugtar suntas do Marius ar shlite nach raibh na buachaillí ag súil leo. Téann siad sáite i gcogadh agus cuirtear fíricí loma os comhair Ailfí ar gá dó déileáil leo. Seo é an ceathrú leabhar sa tsraith rathúil ag Cois Life, tar éis Ailfí agus an vaimpír (2012), Vaimpír san áiléar (2013) agus I measc vaimpírí (2015). Do dhaoine óga fásta (10–13) agus do dhaoine fásta óga de gach aois!

Meáchan 250 g

Rogha an Eagarthóra in Inis, iris de chuid Children’s Books Ireland. Eagrán 51.

‘Cé gurb é seo an leabhar deireanach i sraith de cheithre leabhar vaimpíre ó Orna Ní Choileáin, seasann sé go láidir leis féin agus ní gá aon réamhaithne a bheith agat ar na carachtair le sásamh a bhaint as. Tá teannas mór le brath i dtreo dheiridh an leabhair nuair a chasann na buachaillí ar shean-namhad agus scaoiltear rún d’Ailfí nach mbeadh éinne ag súil leis.

Thaitneodh an leabhar seo le héinne a bhfuil spéis acu i litríocht fantaisíochta agus éinne a bhfuil na leabhair eile sa tsraith léite acu. Inste ar luas deas seasta, is scéal é seo a d’oirfeadh do dhaoine óga fásta nó do dhaoine fásta óga.’