Dialann sár-rúnda Amy Ní Chonchúir

Dialann an deagóra Amy a chuireann síos ar eachtraí a cuid cairde agus ar na daoine fásta, cráite timpeall orthu. (Aois 12-15)

10.00

Stoc ar fáil

An saol atá timpeall uirthi sa chathair, an dráma ó lá go lá, an tuiscint a bhaineann Amy as na heachtraí sin a chuireann í ag scríobh ina dialann phearsanta. Eachtraíocht is ea an saol, nach ea? Cairdeas. Grá. Samhlaíocht. Greann. Briseadh beag croí ó am go ham. Daoine fásta nach féidir bun ná barr a dhéanamh díobh. Agus casadh sa scéal, nach bhfuil coinne ar fad leis. Ardscéal. Corraitheach freisin. Oscail agus scaoilfear an rún. An chéad saothar Gaeilge ag an údar mór-ráchairte seo. Oiriúnach do dhéagóirí óga. (Aois 12–15)

Meáchan 250 g
Leathanaigh

178

Foilsithe

2008

Déirdre Ní Ghrádaigh, Inis, Earrach 2009

Bíonn an-tóir ag déagóirí óga, cailíní ach go háirithe, más féidir é sin a rá, ar dhialanna. Is dóibh siúd é an leabhar seo. Ach tá scéal agus eachtraí beaga le léamh sa dialann seo a mheallfadh lucht léite níos leithne ná sin. Dhéanfadh go leor ionannú leis an ‘ngrá’ atá ag Lucy, cara an údair, don mhúinteoir; leis an iarracht eachtra rómánsúil a shamhlú le Marietta, príomhcharachtar eile na dialainne; leis an dúil sa tsiopadóireacht agus an eachtra le Bebo mar shampla. Pléitear smaointe fealsúnachta ar nós an ann don ‘Den’ nuair nach bíonn sé ar an scáileán teilifíse; céard is brí le Teastas Tarrthála nó cur chuige na dialainne féin. Agus tá tagairtí agus smaointe spéisiúla ann maidir le daoine uchtaithe. Toisc gur dialann atá i gceist tá deis ann chun smaointe éagsúla, abairtí gairide agus a lán alt a chur ar leathanach amháin agus cuireann seo Cuma an-soléite ar an leabhar. B’fhearr go leor daoine caint dhíreach ná cur síos agus sruth smaointe agus sin mar atá sa leabhar seo pé acu bhfuil sé ag teacht le stíl dialainne nó nach bhfuil. Seo an cineál leabhair a mheallfadh agus a spreagfadh déagóirí óga chun a gcuid scileanna léitheoireachta a úsáid le taitneamh.

Seans gur spéis leat...